about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

O'Connor, James Arthur

click to view fullsize



James Arthur O'Connor, (1792-1841)

Péintéir bisiúil tírdhreacha Rómánsacha plein-air. Tá meas i gcónaí air mar phéintéir péintéiriúil agus tugtar taitneamh dá impasto tiubh murab ionann agus na glónraí a chleacht péintéirí eile. Tá a lán dá phictiúir ar scála níos lú ná mar a bhí á chleachtadh ag a chomhaimsirigh chomh maith. Painéalphictiúir a bhí i gcuid mhaith acu.

Ba ghreanadóir agus díoltóir clónna ealaíne é a athair agus rugadh i mBaile Átha Cliath é. Lean sé ceird athar i dtosach ach níor bhain sé mórán sásaimh as. Síltear gur phéintéir féinoilte a bhí i James Arthur cé gur chosúil go bhfuair sé roinnt ceachtanna ón bpéintéir tírdhreacha William Sadler (c. 1782-1839).

Bhunaigh O’Connor cairdeas idir é féin agus na péintéirí George Petrie (1790-1866) agus Francis Danby (1793-61) nuair a bhí siad go léir ag foghlaim a gceirde. Dhéanaidís turasanna sceitseála le chéile. Chuir O’Connor pictiúir i dtaispeántais an Dublin Society agus an Society of Artists of Ireland ón mbliain 1809 ar aghaidh.

Bhí James Arthur O’Connor thall i Sasana sa bhliain 1813 i gcuideachta a chairde Petrie agus Danby. D’fhill Petrie ar Éirinn tar éis achair ghairid. Os a choinne sin thug O'Connor agus Danby a n-aghaidh ar Chathair Bristol. Siúl na gcos an modh taistil a bhí acu de cheal airgid. D’fhan Danby sa chathair sin ó rinne sé go maith ann agus níor fhill ar Éirinn riamh. D’fhill O'Connor ar Bhaile Átha Cliath ar ball beag nó bhí seisean ar ghannchuid airgid, fadhb a lean é ar feadh a shaoil uile. Bhí sé ag déanamh cúraim dá dheirfiúracha ó fuair a athair bás ag an am.

Ní raibh mórán rath air i mBaile Átha Cliath agus thug O’Connor a aghaidh ar Chonnachta sa bhliain 1818. D’fhan sé ann ar feadh ocht mí déag ag filleadh roimh dheireadh na bliana 1819. Thug Tiarna Chlann Riocaird i bPort Omna agus Tiarna Shligigh i gCathair na Mart roinnt coimisiúin dó. Baineann a phictiúir Teach an Droichid, Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo (Gailearaí Náisiúnta) agus Teach Chathair na Mart (Bailiúchán príobháideach) leis an tréimhse seo.

D’fhill O’Connor ar Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh sin, áit ar phós sé a bhean Anastasia. D’aistrigh sé chun i Londain sa bhliain 1822. Bhí pictiúir ar crochadh aige i dtaispeántas an Royal Academy i Londain an bhliain chéanna sin. Ghlac sé páirt i dtaispeántas an British Institution agus an Society of British Artists chomh maith agus radharcanna Éireannacha a bhí ina lán dá chuid pictiúr.

Tá athrú ina stíl le sonrú ar shaothar O’Connor i Londain. Tá anáil an Rómhánsachais le sonrú air agus mórgacht an Nádúir agus beag is fiú an duine a bhíonn mar théama aige go minic. Eiseamláir maith de seo is ea: Na Póitseálaithe (1835, An Gailearaí Náisiúnta).

Rinne O'Connor cuid mhaith taistil nuair a bhí sé lonnaithe i Londain. Thug sé dhá thuras do Mhór-roinn na hÉorpa. Cuairt ar an Ísiltír sa bhliain 1827 a bhí sa chéad cheann acu agus cuairt fhada ar an bhFrainc agus ar an nGearmáin a bhí sa dara cheann. Mhair an turas seo ón mbliain 1832 isteach sa bhliain 1833, agus chuir sé aithne ar Caspar David Friedrich (1774-1840) an péintéir Rómánsach mar chuid de. Thug sé cúpla cuairt ar ais ar Éirinn chomh maith.

Bhí sé beo bocht agus radharc na súl ag teip air nuair a fuair sé bás i mBromton Londain. Cuireadh thall é.

An Pictiúr: Stoirm le tóirneach (1832 Gailearaí Náisiúnta) James Arthur O’Connor

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint