about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

O'Connor, John

click to view fullsize



John O'Connor, (1830-89)

Péintéir radharcra, tírdhreacha agus portráidí a rugadh i gContae Dhoire ach chaith an chuid is tábhachtaí dá ghníomhréime taobh amuigh d’Éirinn.

Fágadh ina dhílleachta é in aois a dhá bhliain déag agus tógadh chuig Baile Átha Cliath é, áit ar thug an Church of Ireland Education Society oideachas maith dó. Bhí roinnt amharclanna ar cíos ag deartháir a mháthar agus thug seisean fostaíocht dó san amharclann i mBéal Feirste mar bhuachaill i mbun teachtaireachtaí. D’fhoghlaim sé péintéireachtaí radharcra nuair a cuireadh mar chúntóir é ag na péintéirí ansin.

Chaith sé tamall gairid eile ag obair iar sin i mBaile Átha Cliath sula ndeachaidh sé le cómpántas taistil mar phéintéir radharcra. Chuir John barr feabhais ar a scileanna cé gur theip ar an gcompántas agus fágadh é ar thóir oibre ar bheagán páighe ar nós scáthphictiúir a dhéanamh. D'imigh sé anonn go Londain ar thóir oibre agus fostaíodh é sa bhliain 1848 mar phéintéir radharcra in Amharclann Drury Lane.

Fostaíodh in Amharclann an Haymarket é ina dhiaidh sin agus ceapadh mar phríomhphéintéir radharcra ann sa bhliain 1863. D'fhan sé sa phost seo go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 1878. Thuill a shaothar aghaidh an phobail agus aithnítear gur imir sé tionchar cinniúnach chun feabhais ar an dearadh stáitse i Sasana.

Chuir sé spéis i réimsí eile den phéintéireacht, tírdhreacha topagrafacha agus ailtiriúla, seánraí a bhí gaolta leis an bpéintéireacht radharcra. Bhain sé cáil amach dá líníochtaí ailtiriúla chomh maith. Chuir sé a phictiúir i gcrích in oladhath agus in uiscedhath.

Thaispeáin sé a shaothar leis an Society of British Artists den chéad uair sa bhliain 1854, an Royal Academy ón mbliain 1857 ar aghaidh agus an Royal Hibernian Academy ón mbliain 1875 ar aghaidh agus rinneadh fo-bhall de sa bhliain 1883. Rinne John go leor turasanna ar an mór-roinn agus pictiúir de radharcanna ón Spáinn, ón bhFrainc agus ón Iodáil a bhí ina lán de na saothair a bhíodh á dtaispeáint aige.

Cheannaigh an Bhanríon Victoria agus baill eile den teaghlach ríoga roinnt dá shaothar agus tugadh coimisiúin dó ócáidí ríoga a phéinteáil. Pósadh an Bhanphriosa Louise sa bhliain 1871 an chéad cheann acu seo. Mhaisigh sé roinnt seomraí do teaghlach ríoga chomh maith. Bhí beirt dá chlann mhac ina chónaí san India agus thug sé cuairt orthu ansin, an turas deireannach a rinne sé.

Fuair sé bás thall ina theach i Hampshire agus tá sé curtha in Finchley.

Tá an chuid is mó dá shaothar i mbailiúcháin i Sasana ach tá líníocht amháin dá chuid sa Ghailearaí Náisiúnta. Seangheata Eabhrach (1861) a ainm agus bhronn sé féin ar an nGailearaí é.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint