about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

O'Conor, Roderick

click to view fullsize



O'Conor, Roderic (1860-1940)

Péintéir céimiúil a shamhlaítear leis an Impriseanachas i dtosach a ghníomhréime agus leis an Luath-Eispriseanachas ina dhiaidh sin. Níor fhág sé aon lorg ar ealaín na hÉireann d’ainneoin a chéimiúlachta de dheasca é a bheith lonnaithe sa Fhrainc ar feadh an chuid is mó dá shaol.

Rugadh Roderic O’Conor i gCo. Ros Comáin ach oileadh é in Ampleforth Abbey, coláiste cónaitheach Caitliceach i Yorshire Shasana.

Fuair sé a chéad oiliúint sna healaíona sa Metropolitan Art School i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1878. D’fhreastail sé ar ranganna an Royal Hibernian Academy an bhliain dar gcionn áit ar chuir sé aithne ar an bpéintéir Richard Moynan (1856-1906). Bhuaigh sé boinn cré-umha as a iarrachtaí i scoil an acadaimh. Fuair sé teagasc ina dhiaidh sin sa bhliain 1883 san Académie Royale des Beaux Arts i gCathair Antwerp na Beilge. D’imigh sé ann i gcuideachta Richard Moynan. Bhí sé de nós ag péintéirí ó Éirinn na linne sin aghaidh a thabhairt ar na coilíneachtaí ealaíne sa Bhriotáin agus tamall a chaitheamh leo ag déanamh péintéireachta plein-air.

Thug O’Conor a aghaidh ar Chathair Phárais timpeall na bliana 1885 ina ionad sin. Fuair sé teagasc ón bpéintéir acadúlach Carolus-Duran (1838-1917) ann. Bhí suaitheadh ar na healaíona i bPáras agus tháinig sé faoi anáil na nImpriseanaithe, Alfred Sisley (1839-99) agus Camille Pisarro (1830-1903), péintéirí a phléigh le tírdhreacha go mór mór. Tá an anáil seo le sonrú ar a shaothar ón mbliain 1886 (1886: Taobh Tuaithe sa Samhradh ) ar aghaidh. Bheadh tionchar theicníocht Vincent Van Gogh (1853-90) lena saorscuabóireacht stríocach bhríomhmhar le sonrú ar a shaothar ar ball. (1892: Gort Arbhair, Músaem Uladh) Bhí Fraincis ar a thoil ag Roderic agus shocraigh sé síos gan mórán dua do shaol na n-ealaíon sa Fhrainc.

Phéinteáil sé in Grez-sur-Loing agus sheol pictiúir chuig don taispeántais sa Salon des Indépendants sna blianta 1889 agus 1890. Bhí seo bun os cionn leis an nós a bhí aige ar feadh a shaoil taispeántais agus mangairí ealaíne a sheachaint. Bhí sé in ann é seo a dhéanamh toisc go raibh ioncaim príobháideach aige. Méadaíodh ar a stór nuair a cheannaigh Coimisiún na Talún eastáit an teaghlaigh sa bhliain 1910.

D’imigh O’Conor sa bhliain 1891 don Bhriotáin agus phéinteáil ansin le péintéirí Scoil Pont Avon, áit ar éirigh sé mór le Paul Gauguin (1848-1903). Chomh mór sin gur iarr Gauguin air imeacht chuig Tahiti leis ach dhiúltaigh O’Conor don chuireadh. Aithnítear cosúlachtaí ón tréimhse seo idir a phailéid agus pailéid na bhFauves agus an Luath-Eispriseanachas.

Phéinteáil O'Conor dhá phortráid de chalín óg de chuid na háite le linn do bheith in Pont-Aven. D’iarr Hugh Lane pictiúr uaidh don Municipal Gallery of Modern Art, Dublin City Gallery The Hugh Lane anois. Bhronn O’Conor ceann de na portráidí seo air. (1906; Cailín Óg de chuid na Briotáine, Dublin City Gallery The Hugh Lane). D’fhill O’Conor ar Pháras sa bhliain 1904.

Thriall sé téamaí nua dó ansin radharcanna intí, neamhbheonna agus nochtanna mar shampla iad uile in impasto tiubh, sainthréith a stíle pheartsanta. Phós sé péintéir eile Renée Honta ach níor mhair an cleamhnas i bhfad. Fuair Roderic O'Conor bás in Nueil-sur-Layon, an áit ina raibh cónaí ag an am agus tá sé curtha sa reilig áitiúl ansin.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint