about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

O'Keefe, Daniel

click to view fullsize



Daniel O’Keefe, (1740-87)

Péintéir bláthphictiúir agus mionphortráidí ar eabhar. Thriall sé leaganacha éagsúla dá shloinne agus lig an O ar lár ar feadh tréimhse fada. Thug sé ar ais é sa tréimhse deireannach dá shaoil.

Rugadh Daniel i mBaile Átha Cliath agus fuair sé bunscolaíocht mhaith i scoil Chaitliceach. Oileadh é san ealaín ina dhiaidh sin ar Scoil Robert West (?-1770) a bhí ag feidhmiú faoi choimirce an Dublin Society.

Bhí deartháir beag aige, John O’Keefe (1747-1833) a bhí ina aisteoir, scríbhneoir drámaí grinne agus amhráin. D’fhreastail seisean ar scoil an Dublin Society ar feadh tamaill chomh maith. Scríobh sé a chuimhní cinn Recollections of the Life of John O’Keefe (Londain 1826). Tagann an t-eolas faoi luathshaol a dhearthár agus saol na n-ealaíon i gcoitinne i mBaile Átha Cliath lena linn óna chuntas.

Chruthaigh Daniel go maith ar an scoil ealaíne agus bronnadh duaiseanna air sna blianta 1755, 1756 agus 1757 mar chomhartha ar sin. D’imigh sé mar phrintíseach ina dhiaidh sin ag péintéir a rinne speisialtacht de neamhbheonna, bhláthphictiúir go mór mór agus bhain máistreacht amach sa seánra seo faoina mhaoirseacht. Pabhsaetha maisiúla bláthanna ar phainéil nó ar chairtpháipéar i mó a bhí i gceist leis na bláthphictiúir seo.

Chuaigh sé i mbun ghnó dó féin i lár Bhaile Átha Cliath mar phéintéir mionphortráidí agus bláthphictiúir nuair a bhí a théarma printíseachta istigh. Níl a fhios cathain a d’fhág sé Baile Átha Cliath ach bhí sé ina chónaí i Londain sa bhliain 1769 ag glacadh páirt i dtaispeántas an Free Society of Artists sa chathair sin. Ghlac sé páirt i dtaispeántas an Royal Academy den chéad uair sa bhliain 1771.

Lean sé de bheith ag plé le bláthphictiúir agus le mhionphortráidí sna háiteanna éagsúla ina raibh sé ina chónaí i Sasana, Bath agus Salisbury go mór mór. Thit sé i bhfiacha ar ball agus b’éigean dó filleadh ar Londain chun a fhéichiúnaithe a sheachaint. Ní raibh sé ar fónamh agus fuair sé bás den eitinn ar ball.

Tá chuid is mó dá shaothar a mhaireann i mbailiúcháin i Sasana ach tá eiseamláir amháin óna láimh sa Ghailearaí Náisiúnta.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint