about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

O'Kelly, Aloysius

click to view fullsize



Aloysius O’Kelly, (1850-1936)

Péintéir agus maisitheoir den scoth agus Fíníneach gníomhach. Rugadh Aloysius i mBaile Átha Cliath agus gabha a bhí ina athair. Bhí dlúthbhaint ag an teaghlach leis na healaíona agus leis an nGluaiseacht Náisiúnta araon.

Ealaíontóirí a bhí ina dheartháireacha Charles O’Kelly agus Stephen O’Kelly. Bhí an deartháir is sine James J. O'Kelly a oileadh mar dhealbhóir ina fheisire i bPairlimint Shasana a toghadh do Ros Comáin sa bhliain 1880.

D'imigh Aloysius féin anonn go Sasana sa bhliain 1861. Bhí sé i bPáras sa bhliain 1874; áit ar chláraigh sé san École des Beaux-Arts. Bhí Jean-Léon Gérôme (1824-1904) agus Léon Bonnat (1833-1922) mar oidí aige ansin. D'imigh sé ar aghaidh ag péinteáil don Bhriotáin ina dhiaidh sin sa bhliain 1876 agus chuir faoi in Concarneau.

D'fhill Aloysius ar Éirinn sa bhliain 1881 tar éis dó conradh a fháil mar maisitheoir don Illustrated London News. Samhlaítear líníochtaí de chíréibeanna agus díshealbhaithe Chogadh na Talún leis dá bharr. Gabhadh Charles Stewart Parnell agus James J. O'Kelly a dheartháir níos deireannaí sa bhliain chéanna agus chlúdaigh sé an phríosúntacht seo maille don nuachtán i Londain. Bhí cónaí air i gConamara agus rinne sé roinnt pictiúir seánra ansin.

Bhí Aloysius bainteach leis an bpolaitíocht chomh maith agus chuir é féin suas mar iarrathóir sna toghcháin cé nár éirigh leis suíochán a fháil. Baineann a shárshaothar Aifreann i mbothán i gConamara (1883) leis an tréimhse seo. Oladhath i bhformáid mhór atá ann agus taispeánadh é sa Salón i bPáras i dtosach sa bhliain 1884. Taispeánadh é in áiteanna éagsúla ina dhiaidh sin agus san Royal Hibernian Academy sa bhliain 1889. Ní raibh a fhios cad a tharla dó ar feadh tamall fada ina dhiaidh sin. Thángthas air i gcléirtheach i nDún Éideann agus thug an tArdeaspag Keith O’Brien ar iasacht é don Ghailearaí Náisiúnta sa bhliain 2002.

D'imigh Aloysius don Éigipt agus ar aghaidh ansin don Súdáin chun líníochtaí a dhéanamh d'imeachtaí i gCogadh an Mahdi, cogadh a mhair ón mbliain 1881 go dtí an bhliain1898. Is iad na radharcanna a rinne sé shaol na mBeidiúnach sa ghaineamhlach a léiríonn tionchar Jean-Léon Gérôme (1824-1904) a mháistír i bPáras na saothair is suntasaí a mhaireann ón tréimhse seo. Samhlaíodh a shaothar leis na pictiúir seo tríd is tríd go dtí ar na mallaibh nuair a tháinig saothair i seánraí eile uaidh chun solais arís.

D'fhill Aloysius ar Éirinn ach d'imigh sé ar an mbád bán go Nua Eabhrach sa bhliain 1895. Lean sé leis an bpéintéireacht ansin ach faoin ainm cleite; Arthur Oakley. Bhí a lán polaiteoirí mar chliaint aige thall. Lean sé leis an ceangal a bhí aige leis an bhfoilsitheoireacht agus foilsíodh roinnt dá shaothar san New York Herald. Ghlac sé le saorántacht Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1901.

Thug sé cuairteanna ar Pháras ina dhiaidh sin agus ghlac páirt i dtaispeántais ann agus thug sé a chuairt dheireannach ar Éirinn sa bhliain 1927. Fuair sé bás thall i Nua Eabhrach.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint