about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

O'Meara, Frank

click to view fullsize



Frank O'Meara, (1853-88)

Péintéir tírdhreacha plein-air den scoth a raibh an-ghealladh faoi ach a fuair bás go hóg. Rugadh Frank O’Meara i gCeatharlach áit a raibh a athair ina dhochtúir. Dochtúirí a bhí ina lán de bhaill an teaghlaigh agus bhí siad go maith as. D’ainneoin go maireann roinnt sceitseanna luatha óna láimh níl aon eolas ar marthain faoina luathoiliúint sna healaíona.

Bhí sé i bPáras timpeall na bliana 1872 áit a raibh sé ag staidéar faoi Carolus-Duran (1838-1917). Ní raibh sé de nós ag Carolus-Duran aon táillí a ghearradh ar dhaltaí chun staidéar a dhéanamh faoi. D’fhan Frank le Carolus-Duran go dtí timpeall na bliana 1876 nuair a d’aistrigh sé don choilíneacht ealaíne a bhí lonnaithe in Grez-sur-Loing gar do Fontainebleau. Chaith go leor péintéirí ó Éirinn tamall i nGrez, péintéirí ar nós John Lavery (1856-1941). Tháinig Frank faoi anáil Jules Bastien-Lepage (1848-84) fearacht a lán baill eile de chuid na coilíneachta.

Bhí an péintéir Meiriceánach John Singer Sargent ag staidéar ina chuideachta faoi Carolus-Duran agus ag péinteáil leis i Grez. Phéinteáil seisean portráid Frank a maireann fós. Thug Frank an phortráid do chailín as Meiriceá a bhí ag imeacht abhaile sa bhliain 1877. Bhí eitinn ar Frank agus ní dhearna sé líon mór pictiúr dá dheasca. Bean aonair ina seasamh san Fhómhair a bhíonn mar théama ina lán dá phictiúir (I dTreo na hOíche agus an Gheimhridh, Dublin City Gallery The Hugh Lane).

Bhí pictiúir aige i dtaispeántas Royal Hibernian Academy na bliana 1879. Taobh amuigh de sin is beag aithne a bhí air in Éirinn lena bheo. Bhí pictiúir ar crochadh aige i dtaispeántas an tSalóin Oifigiúil i bPáras sa bhliain 1879 agus ghlac sé páirt i dtaispeántais eile i Londain, Learpholl agus i nGlaschú san aon bhliain déag a chaith sé i nGrez.

Lena shláinte ag dul in olcas chaith sé geimhreadh na bliana 1887-88 i gCoilíneacht Ealaíne cois farraige ag Étaples, gar do Boulogne i dTuaisceart na Fraince. Bhí William Gerard Barry Barry (1864-1941) ó Chorcaigh ina chónaí agus ag obair ann ag an tráth seo. D’imigh Frank abhaile chuig Ceatharlach ina dhiaidh sin agus fuair bás i dteach a athar ansin.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint