about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

O'Neill, Daniel

click to view fullsize



Daniel O'Neill, (1920-74)

Péintéir fíorthaíoch a chleacht a lán seánraí agus a rinne an chuid is mó dá shaothar in oladhath. Tugtar suntas do cháilíochtaí an datha ina phictiúir go minic. Tréithríonn peirspeictíocht bhrionglóideach a lán dá shaothar chomh maith.
Rugadh Daniel i mBéal Feirste agus lean sé ceárd a athar mar leictreoir i dtús a shaoil. Bhí ardspéis aige sa phéintéireacht ina óige ach bhí sé féinoilte sa chuid is mó cé gur chaith sé tréimhse gairid ag staidéar líníocht ón mbeo sa Choláiste Ealaíne i mBéal Feirste faoi mhaoirseacht Sidney Smith a bhíodh ag feastal ar an gcoláiste céanna leis. Thriall Daniel an tsnoíodóireacht adhmaid i bpíosaí admaid a bhailigh sé mar smionagar tar éis na haer-ruathair ar Bhéal Feirste sa bhliain 1941.

Rinne Daniel rogha de shealanna oíche ina phost ionas go mbeadh sé in ann bheith ag péinteáil sa lá. Bhí a chéad taispeántas aige sa Mol Gallery i mBéal Feirste sa bhliain 1941. Bhí an t-ádh air nuair a fuair sé maoiniú leanúnach ón mangaire ealaíne Victor Waddington a thug ar a chumas dó bheith ina phéintéir lánaimseartha. Thaispeáin sé leis an Irish Exhibition of Living Art i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1945 agus d'éirigh go maith leis. I mBaile átha Cliath arís thaispeáin sé le Waddington’s Galleries idir na blianta 1946 agus 1955. Bhí sé i dtaispeántas beirte in éineacht le Gerard Dillon sa Contemporary Picture Galleries i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1943.

Thug sé cuairt ar Chathair Phárais sa bhliain 1949 agus d'imigh saothar na máistrí comaimseartha ar nós Henri Matisse (1869-1954), Georges Henri Rouault (1871-1958), Chaim Soutine (1894-1943) agus Maurice de Vlaminck (1876-1958) i bhfeidhm air. Bhí sé mór leis na péintéirí Colin Middleton (1910-83), George Campbell (1917-79) agus Gerard Dillon (1916-71) agus d'fheidmigh siad mar ghrúpa geall leis agus thug criticeoirí áirithe Grúpa Bhéal Feirste orthu, cé nach raibh aon aontas stílíochta eatarthu.

Chuaigh Daniel chun cónaí i gCoinleic, sráidbhaile gar do Bheannchar i gContae an Dúin a raibh teist coilíneacht ealaíne air i dtús na 1950-idí. Bhí taispeántas ag Daniel i Londain sa bhliain 1950 agus taispeántas eile aige sa Tooth Galleries i Londain sa bhliain 1951 agus taispeántas beirte sa bhliain 1954 i Londain in éineacht le Colin Middleton. Lonnaigh Daniel i Londain ón mbliain 1958 go dtí an bhliain 1970 nuair a d'fhill sé ar a chathair dhúchais. Bhí sé anall go minic sa tréimhse seo agus bhí taispeántais aige i mBaile Átha Cliath sna 1960-idí agus san Eoraip agus níos faide ó bhaile.

In Éirinn tá eiseamláirí de shaothar Daniel sa Dublin City Gallery The Hugh Lane, Músaem Uladh agus in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint