about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

O'Neill, Henry

click to view fullsize



Henry O'Neill, (1798-1880)

Péintéir seánra, tírdhreacha agus portráidí in uiscedhath agus oladhath, agus déantóir liteagrafanna a raibh spéis aige i seandachtaí agus i bpolaitíocht na tíre.

Rugadh Henry i gCluain Meala. Fuair a thuismitheoirí bás agus é fós óg ach thóg Sarah O'Neill deirfiúr athar dó chuig Baile Átha Cliath é agus d’oil é. Tugadh scolaíocht dó agus d’fhreastail sé sa bhliain 1815 ar scoileanna an Dublin Society chun staidéar a dhéanamh ar an ealaín. Bhí sé fós ar an scoil sa bhliain 1825 nuair a bhronnadh bonn airgid air.

Ghlac sé páirt i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy den chéad uair sa bhliain 1835. Rinneadh fo-bhall de ina dhiaidh sin sa bhliain 1837. Pictiúir agus portráidí an chuid is mó acu in uiscedhath is mó a thaispeáin sé. Thit sé amach leis an acadamh sa bhliain 1844 nuair nár thug siad lánbhallraíocht dó. Níor chuir an titim amach seo aon chosc air páirt a ghlacadh i dtaipeántais an acadaimh suas go dtí an bhliain 1879.

Bhí ardspéis ag Henry i seandachtaí agus i polaitíocht na tíre. Ghlac sé ballraíocht i gCumann an Reipéil nuair a bunaíodh sin sa bhliain 1840. Bhí sé mór leis na healaíontóirí George Petrie (1790-1866) agus le Andrew Nicholl (1804-86) agus d’obair sé i bpáirt leo chomh maith. Is cosúil d’ainneoin sin go raibh sé deacair dó go leor airgid a shaothrú as an ealaín amháin. Fuair sé post mar mhúinteoir líníochta ar feadh tamaill agus post i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1841.

Cúisíodh Dónal Conaill agus chomhghleacaithe le comhcheilg sa bhliain 1843. Cuireadh téarma príosúnachta de bhliain orthu maille le fíneálacha ollmhóra. Thosaigh siad a dtéarmaí i gCarcair Richmond i mBaile Átha Cliath ag deireadh Mhí Bealtaine na bliana 1844. Bhí na príosúnaigh á gcoimeád i dteach an Ghobharnóra agus bhí cead istigh ag cuairteoirí. Phéinteáil Henry naoi bpictiúr déag de Dhónal Ó Conaill agus de Charles Gavan Duffy agus de na príosúnaigh eile.

Tháinig méadú ar dheacrachtaí ioncaim Henry le linn an Ghorta Mhóir agus bhailigh sé leis go Londain. Bhí cúrsaí níos measa ansin dó ná mar a bhí siad sa bhaile. Thug an dearóile ar Henry liostáil in Arm Shasana rud a chuir alltacht ar a chairde nuair a chuala siad scéala faoi. Chuir siadsan suim airgid i dtoll a chéile agus cheannaigh a shaoirse. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath láithreach.

Bhí cáil ar leith ar iardhaltaí scoileanna an Dublin Society as a n-oilteacht i ndéanamh clónna ealaíne de gach saghas, liteagrafanna agus clónna meisitinte go mór mór. Bhí ráchairt ar chlónna mar seo ar son maisiúcháin do leabhar agus mar bhealach saor chun a lán cóipeanna de phictiúir a dhéanamh agus a dhíol. Ba mhinic péintéirí ag brath ar an ioncam ó chlónna níos mó ná ar an ioncaim ó tháillí don bunphictiúr.

Chas Henry ar an bhfoilsitheoireacht agus ar a spéis i seandachtaí agus d’fhoilsigh leabhar liteagrafanna sa bhliain 1855. Descriptive Catalogue of Illustrations of the Fine Arts of Ireland an t-ainm a bhí air. Lean sé mar phéintéir dá ghnáthshaothar an t-am ar fad. D’fhoilsigh Henry leabhar eile sa bhliain 1857, leabhar a d’imir tionchar an-mhór ar thuiscintí na scoláireachta, an náisiúnachais agus ar Ghluaiseacht na hEalaíncheardaíochta; llustrations of the Most Interesting of the Sculpted Crosses of Ancient Ireland, a ainm. Bhí sé liteagraf agus tríocha sa leabhar maille le cur síos ar luath-ealaín na hÉireann. Rinne sé iarracht chomh maith teacht ar bhrí roinnt de na painéil ar na crosa screaptra den chéad uair riamh i leabhar. Murab ionann agus i saothar a chara George Petrie bhí sonraí na gcros cruinn, taobh amuigh dá scála (léirigh sé cuid acu níos i bhfad níos mó ná mar a bhí siad i ndairíre). D’fheidhmigh an leabhar mar fhoinse dearthaí do cheardaithe agus fágann sin Henry ar dhuine de na healaíontóirí is mó tionchair a tháinig as an tír riamh.

Rinne sé seacht liteagraf don leabhar Fine Arts of Ancient Ireland a d’fhoilsigh sé sa bhliain 1863. Bhí adhmadghearrthaí sa leabhar chomh maith a bhí déanta ag G. Hanlon.

Bhí spéis bheo ag Henry i gceisteanna náisiúnta agus d’fhoilsigh sé paimfléad Ireland for the Irish, A Practical, Peaceable, and Just Solution of the Irish Land Question sa bhliain 1868.

Bhí na clogthithe agus a mbunús ina ábhar mór díospóireachta ag seandálaithe na Cinsealachta ar feadh céad go leith bliain. Thug Henry faoin gceist seo sa bhliain 1877 nuair a d’fhoilsigh sé cuid a h-aon de The Round Towers of Ireland – bhí sé ar intinn aige imleabhair eile a fhoilsiú. Mhaígh go raibh bunús Págánach leis na clogthithe. I dteannta a fhiontair fhoisitheoireachta féin chabhraigh Henry le healaíontóirí eile trí léaráidí a dhéanamh dóibh.

Fuair Henry bás i mBaile Átha Cliath agus tá sé curtha i Reilg Ghlas Naíon.

An Pictiúr: Ardchros Cheannanais Mhóir, Henry O’Neill, Liteagraf óna leabhar llustrations of the Most Interesting of the Sculpted Crosses of Ancient Ireland 1857

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint