about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Oilimp

click to view fullsize

Sliabh Oilimp

An sliabh is airde sa Ghréig (2917 m) atá suite ar an teorainn idir an Mhacadóin agus an Teasáil gar don Mhuir Aegéach.

Chreid na Sean-Ghréigigh gur áitreabh na ndéithe a bhí ann agus go mbíodh a n-árais ag an mullach. Ba é Héafaestas, a bhí ina dhia na miotalóireachta, a thóg na hárais seo. Tháinig na Déithe Oilimpeacha chun cónaí ann tar éis dóibh na Tíotáin a chloí.

Bhí bealach isteach Oilimp trí gheataí scamall agus bhí na bandéithe; na Horae (na Ráithe) á chosaint. Bhí ríchathaoir Séas ar an sliabh agus bhíodh na déithe ag itheadh ambrosia agus neachtar ann agus bhíodh na Béithe i mbun siamsaíochta dóibh. Bhí dáréag ar líon na nDéithe Oilimpeacha;

Afraidíte; bandia an ghrá,

Airéis dia an chogaidh,

Aitéine: bandia na heagna,

Apalló : dia na gréine,

Artaimís; bandia na seilge agus na gealaí,

Háidéas: dia an Fho-dhomhain

Héafastas dia na miotalóireachta agus gabha na ndéithe,

Héire banríon na ndéithe agus céile Shéas,

Heirméis teachtaire na ndéithe,

Hestia bandia an tinteáin,

Poiséadón dia na mara

Séas rí na ndéithe agus céile Héire.

Bhí na déithe seo uile gaolta lena chéile.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint