about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Oilmeic

click to view fullsize

Ardchultúr agus sibhialtacht réamhcholambasach de chuid Mheicsiceo den tréimhse 1300/1200 R.Ch. - 300 A.D. ach a bhain a bharrchéim amach c.800-400 R.Ch. Bhí an ardchultúr seo lárnaithe ar stáit Veracruz agus Tabasco an lae inniu. Tá na stáit seo ar na machairí ar chósta Mhurascaill Mheicsiceo. Tháinig dreamanna eile sna sléibhte faoina thionchar i gcúrsaí criadóireachta agus dealbhóireachta go mór mór agus tugtar Oilmeic orthu uaireanta.

Ba trí bhotún áfach a tugadh Oilmeic ar an gcultúr a chéad uair mar b’in ainm an chine a bhí lonnaithe sa cheantar nuair a tháinig na Spáinnigh ann ach níorbh iad sin a chruthaigh an tsibhialtacht. Is mar gheall ar sin a thugtar La Venta ó láthair mór dá gcuid i Stát Tabasco ar an gcultúr Oilmeic chomh maith.

Bhí an cultúr Oilmeic ar an gcéad sibhialtacht i Lár-Mheiriceá ar fheidhmigh a n-éachtaí mar dhúshraith do na sibhialtachtaí eile m. sh. na Maighigh a tháinig ina ndiaidh. Ní mór a chuimhneach i gcónaí gur sibhialtacht Neoiliotach a bhí ann nach raibh miotail ná ainmhithe ualaigh acu, na eolas ar an roth ach oiread. Ach d’ainneoin sin b’iad is túisce a cheap córas scríbhneoireachta bunaithe ar Iairiglifeanna i Meiriceá agus is tríd an gcóras seo is gur féidir dáta cruinn a chur ar shéadchomarthaí áirithe. Baineann an ceann is sine le 31 R.Ch.

Cheap siad córas uimhríochta inar bhain siad feidhm as an uimhir náid. Chruthaigh siad féilire a bhí thar a bheith cruinn. I measc na ndéantán a fuair seandálaithe tá : altóir snoite, plaiceanna, deilbhíní i séad agus an rud is mó a thréithríonn an cultúr anois cloigne ollmhóra snoite i gcloch. Ta cuid de na cloigne seo os cionn 3m ar airde agus meáchan 40 tonna iontu. Rinneadh iad seo uile le huirlisí cloiche.

Tá an príomhláithreán a bhaineann leis an gcultúr i La Venta, San Lorenzo agus Tres Zapotes ar chósta na Murascaille ar bhruacha abhainn. Rinneadh lonnaíocht i La Venta idir 1200 R.Ch. agus 400 R.Ch. Bhí 200 hectares sa láthair agus tá roinnt de na samplaí is luaithe de séadchomharthaí ailtireachta i LárMheiriceá inti. Tá na láthair seo ar na cinn is casta i Meiriceá Láir le pirimidí atá os cionn 30m in airde os comhair cearnóige maille le hardáin, gné trína aithnítear an cultúr in áiteanna eile.

De réir fianaise a gcuid ealaíona bhí uasalathas sagartúil i gceannas ar an gcultúr agus go raibh cultas an Iuagar-dhia lárnach dó. Faightear a gcuid gréithe criadóireachta go forleitheadúil i Meicsiceo agus ó dheas do Chosta Rica. Bhí a dtionchar cinniúnach agus buan ar na sibhialtachtaí a tháinig ina ndiaidh i Lár-Mheiriceá.

Pictiúr : Ceann ollmhór Oilmeic.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint