about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Orpen, William

click to view fullsize



William Orpen, (1878-1931)

Portráidí bisiúil, péintéir nochtanna agus ealaíontóir oifigiúil cogaidh de chuid na Breataine. Mac dlíodóra a bhí i William Newenham Montague Orpen chun a ainm iomlán a thabhairt dó. Maítear gur phéinteáil sé de bhreis ar sé chéad portráid ina ghníomhréim ar fad. Treithríonn líníocht acadúlach agus luí i leith an Impriseanachais a shaothar.

Rugadh i Steach Lorcáin i gCo. Bhaile Átha Cliath é agus oileadh sa phéintéireacht é ar an Metropolitan Art School i mBaile Átha Cliath idir na blianta 1891 agus 1897. D'imigh sé ar aghaidh ina dhiaidh sin sa bhliain 1897 don Slade School of Art i Londain áit a raibh Henry Tonks (1867-1937) ina theagascóir aige. Chruthaigh Orpen go maith ann agus bhuaigh duais sa scoil sa bhliain 1899 ar son na ceapadóireachta. An Scáthán (Tate Gallery, Londain 1900).

Phéinteáil sé An Nocht Sasanach nuair a bhí sé ar an Slade. Is é an chéad nocht é a rinne sé riamh agus rinne sé a lán eile díobh ina ghníomhréim agus ghnóthaigh cáil astu. Bhí na péintéirí Augustus John (1878-1961), ar éirigh sé mór leis, agus Percy Wyndham Lewis (1882-1957) ag staidéar ann ag an tráth céanna.

Rinne Orpen turas i dteannta Augustus John (1878-1961) chuig Cathair Phárais sa bhliain chéanna 1899 chun pictiúir Leonardo da Vinci An Mona Lisa (Páras, An Louvre) a fheiceáil. Léiríonn na pictiúir seo tionchar na seanmháistrí agus bhí an chiaroscuro lárnach dá cur chuige ag an am. D'athródh seo de réir a chéile i leith cóireáil Impriseanach ar an scáthú. Nuair a bhí a staidéir críochnaithe aige d'fhan Orpen thall i Londain agus thuill aghaidh an phobail mar phortráidí na maithe móra.

Bhí sé ag obair mar theagascóir sa Metropolitan School of Art i mBaile Átha Cliath ag an am céanna. Chabhraigh sé le healaíontóirí ar nós Seán Keating (1889-1977) oiliúint a fháil agus bhí meas ag a dhaltaí air mar mhúinteoir. Thug Orpen cuireadh do Keating bheith ag obair leis ina stiúideo i Londain sa bhliain 1915 agus chuaigh seisean anonn chuige. D'fhill Keating ar Éirinn dála a lán Éireannaigh eile nuair a bhí an choinscríobh ag bagairt orthu. D'iarr sé ar Orpen filleadh abhaile leis ach thug seisean le fios dó go raibh coimisiún glactha aige san Army Service Corps. Ní dheachaidh Orpen ar chúla téarmaí ina naimhdeas do náisiúnachas na hÉireann. Léirigh sé a fhíoch dó i dtrí phictiúr fáithchiallacha; Ag Cur Síl i Roinn i Roinn na Talmhaíochta agus Teagaisc Teicniúil in Éirinn (1913), Pósadh de chuid an Iarthair (1914), nach maireann taobh amuigh de mhacasamhlacha de, agus An Tobar Beannaithe (1916, An Gailearaí Náisiúnta). Bhris Orpen leis an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1913.

Cuireadh Orpen chuig ceanncheathrú Arm na Breataine áit ar phéinteáil sé portráid Winston Churchill agus daoine móra eile. D'earcaigh War Propaganda Bureau na Breataine Orpen i dteannta John Lavery (1856-1941) sa bhliain 1917 agus bhí sé ina ealaíontóir oifigiúil cogaidh don chuid eile den chogadh. Pictiúir de na hoifigigh ag an bhfronta an chloch is mó ar phaidrín an Bureau. Seoladh chun na Fraince é.

Bhí an saol só aige ansin i dtosach agus rinne sé portráidí cheannairí míleata na Breataine agus na Fraince. Baineadh turraing as nuair a chonaic sé saol agus bás na ngnáthshaighdiúir sna trinsí afach. Bronnadh ridireacht air sa bhliain 1918. Phéinteáil sé pictiúir de Chomhairle Síochána Versailles sa bhliain 1919 mar a iarradh air d'ainneoin gur chreid sé go ndearna na polaiteoiri feall ar na saighdiúirí. Phéinteáil sé an pictiúir Don Saighdiur Breataineach Neamhaitheanta sa Fhrainc i ngeall ar seo sa bhliain 1919 chomh maith. Is éard a bhí sa phictiúr seo ná cónra saighdiúra agus beirt thaibhse de shaighdiuir mar gharda air, duine ar gach taobh den chónra. Thóg preas na Breataine míle liú mar gheall ar an bpictiúr ionas gur ghéill Orpen dóibh agus phéinteáil na taibhsí amach.

Bhí Orpen ina fo-bhall den Royal Academy ón mbliain 1910 agus rinneadh lanbhall de sa bhliain 1919.

Thug Hugh Lane coimisiúin do John Butler Yeats sraith phortráidí de phearsantachtaí móra an Renaissance Liteartha a phéinteáil. Ní dhearna sé an t-iomlán acu. Ní dhearna sé ach na daoine a thaitin leis féin. D’iarr Hugh Lane ar Orpen na portráidí a bhí ar iarraidh a phéinteáil agus tá na cinn a rinne sé sa Municipal Gallery anois. Scríobh sé dhá leabhar An Onlooker in France, 1917-1919 (1921), agus Stories of Old Ireland and Myself (1924).

An Pictiúr: An Scáthán 1900

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint