about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Osborne, Walter Frederick

click to view fullsize



Walter Frederick Osborne, (1859-1903)

Péintéir ar a mbreathnaítear go minic mar an t-aon eiseamláir Éireannach amháin den Impriseanachas. Chleacht sé tírdhreacha agus radharcanna tuaithe plein-air i dtús a ghníomhréime agus pictiúir seánra impiriseanaíocha de mhná, de pháistí agus de sheandaoine i ndeireadh a ghníomhréime. Níor éirigh sé riamh as sceitsí a dheanamh ámh. Rinne sé roinnt dealbhóireachta chomh maith.

Péintéir portráidí a bhí ina athair William Osborne (1823-1901) a rinne speisialtacht chomh maith de phéinteáil ainmhithe. Rugadh Walter Frederick i mBaile Átha Cliath. D’oil a athair é san ealaín agus ansin d’fhreastail sé ar scoil an Royal Hibernian Academy.

D’imigh sé anonn sa bhliain 1881 chun líníocht ón bhfíor a dhéanamh in Antwerp faoi mhaoirseacht Karel Verlat (1824-90) san Academie Royale des Beaux Arts agus d’fhan ann do dtí an bhliain 1883.

D’fhan sé in aon teach ann lena chairde na péintéirí Nathaniel Hill (1861-1934) agus Joseph Malachy Kavanagh (1856-1918). Bhuaigh Osborne Bonn Taylor agus an scoláireacht a d’imigh leis, duais de chuid de chuid an Royal Dublin Society sa bhliain 1881 agus sa bhliain 1882 araon le linn dó bheith lonnaithe in Antwerp. D’imigh sé ar aghaidh chuig Scoil Pont-Aven na Briotáine nuair a bhí a sheal in Antwerp istigh.

Baineann a phictiúr Ag Cruinniú Úll, Quimperlé (Gailearaí Náisiúnta) leis an tréimhse seo. Tá tionchar an Impriseanachais le sonrú ina phailéid a d’éirigh níos gile agus níos soilsí ina shaothar ón am seo amach agus tréithríonn radharcanna d’úlloird agus d’iothlanna é. Tháinig Walter Osborne abhaile ag deireadh na bliana 1883 ach d’imigh sé ar chuairt fhada i Sasana tar éis achair ghairid agus chuir faoi gar do Evesham i Worcestershire i dteannta péintéirí eile. Rinne sé go leor taistil i Sasana ag péinteáil an t-am ar fad. Baineann On Suffolk Sands, (1887, The Hunt Museum, Luimneach) leis an tréimhse seo.

Glacadh mar bhall sa bhliain 1886 den Royal Hibernian Academy. Bhíodh a shaothar ar crochadh i dtaispeántais i mBaile Átha Cliath agus i Londain ón am seo amach. Ghlac Walter páirt san New English Art Club sa bhliain 1887. Buíon nua taispeántais a bhí iontu a bhí báúil don Impriseanachas agus bhí a gcéad taispeántas acu san Egyptian Hall i Piccadilly Londain sa bhliain 1888. Bhí pictiúir aige ar crochadh ann. Thug sé go leor cuairteanna ar Shasana thar na blianta maille le cuairteanna ar áiteanna éagsúla in Éirinn.

Bhí rath air in Éirinn ar aon nós agus chleacht sé pictiúir seánra ar nós In Aice le Clós Naoimh Phádraig (1887; Gailearaí Náisiúnta) agus I bpairc i mBaile Átha Cliath – Solas agus Scáth (1895; Gailearaí Náisiúnta) bunaithe ar mhuintir agus radharcanna Bhaile Átha agus bhí éileamh mór air mar phortráidí. Toghadh mar bhall é sa bhliain 1891 den Royal Institute of Oil Painters i Londain (bunaithe sa bhliain 1882).

Bhí rath agus cáil ar Walter Osborne ach fuair sé bás den Niúmóin nuair nach raibh sé i dtuairim na léirmheastóirí ach ag teacht i mbarr a mhaitheasa in aois a thrí bhliana agus dhá scór. Ní raibh ach aon dalta amháin aige an péintéir William J. Leech.

An Pictiúr: Ag Cruinniú Úll, Quimperlé (Gailearaí Náisiúnta)

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint