about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Osborne, William

click to view fullsize



William Osborne, (1823-1901)

Péintéir portráidí den scoth de mhadraí agus de chapaill agus de dhaoine chomh maith.

Rugadh William Osborne i mBaile Átha Cliath. Ní leis an ealaín a d’imigh sé i dtús a shaoil ach bhí ina mhaor stóir ar dtús. D’eirigh sé as seo sa bhliain 1845 chun freastail ar scoil an Royal Hibernian Academy. Bhí sé in aois a dhá bhliain agus fiche ag an am.

Chuaigh sé i mbun gnó féin ansin agus thaispeáin a shaothar leis an Royal Hibernian Academy den chéad uair sa bhliain 1851. Lean sé de sen nós seo go deireadh a shaoil. Toghadh ina fho-bhall den acadmh sa bhliain 1854 agus ina bhall sa bhliain 1858.

Thuill sé aghaidh na n-uaisle as a chumas chun madraí go mór mór a phéinteáil. Rinne sé roinnt míreanna seilge chomh maith. Phéinteáil sé gach saghas ainmhní áfach, iad siúd sa sú fiú. Déantar ionadh dá thuiscint ar anatamaíocht ainmhithe.

Péintéir gradamach a bhí ina mhac, Walter Frederick Osborne (1859-1903). Tá mír seilge Willian Osborne Buíon Seilge Aontas an Bharda sa Ghailearaí Náisiúnta anois.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint