about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Padova

click to view fullsize

Scoil Padova

Tugann na hIodálaigh féin Padova ar an gcathair ach d'ainneoin sin tugann an lán eachtrannaigh Padua air. Scoil Iodálach phéintéireachta de chuid an cúigiú agus séú chéad déag a bhí i Scoil Padova. Bhí sí i mbarr a mhaitheasa le linn an cúigiú céad déag go mór mór.

Is cathair í Padova i dTuaisceart na hIodáile agus i 1222 bunaíodh an ollscoil inti a bhí ar an dara ollscoil is mó san Eoraip ón dóú céad déag go dtí an seachtú céad déag. Bhí a lán iarsmaí den dealbhóireacht Chlasaiceach ar fáil sa chathair agus d’fheidhmigh iad seo mar eiseamláirí d’ealaíontóirí i gcónaí.

Bhí an chuid is fearr de shaothar Giotto (di Bondone 1266-1337) sa chathair seo d’ainneoin gur de bhunadh Flórains é. Tá freasconna óna láimh san Cappella degli Scrovegni a rinneadh 1305-06 ar nós an Il compianto su Cristo morto, caoineadh Chríost mhairbh. Cathair oilithreachta is ea Padova toisc go bhfuil Naomh Antóin Padua (ar Phortaingéileach é ó dhúchas) curtha san Duomo di San Antonio.

Tógadh seo i 1232 sa stíl Bhiosántach a bhfuil comhchosúlachtaí idir é agus an Duomo San Marco sa Veinéis. Tá ocht gcruinneachán air maille le maisiú saibhir. Tá ocht ndealbh le Donatello taobh istigh agus taobh amuigh de Duomo di San Antonio, an dealbh eachrach den Condottiere Gattamelata ina measc.

Francesco Squarcione (1394-1474) áfach a áirítear mar bhunaitheoir Scoil Phadua. Bhí meas mór aige ar an ndealbhóireacht chlasaiceach agus mhúin sé anatamaíocht bunaithe air agus ar an nádúr dá ndaltaí. Níl aon chuid dá shaothar ar marthain anois ach ba mhúinteoir den scoth é. Dalta dá chuid ba ea Andrea Mantegna (1394-1474) príomheiseamláir na scoile.

D’imir Scoil Padua tionchar ar Scoil Ferrara, Scoil Verona agus ar Scoil na Veinéise, trí Andrea Mantegna (1431-1506), Cosimo Tura (1430-95) agus Carlo Crivelli (1430-95). Dalta eile de chuid Squarcione ba ea Marco Zoppo (1445-98) a bhí faoi thionchar Cosimo Tura chomh maith.

Léaráid : Dealbh eachrach an condottiere (amhas) Erasmo da Narni ar a dtugtaí Gattamelata (leasainm a chiallaíonn cat meala)(1447-50), Cré-umha, Piazza del Santo, os comhair Baisleac Sant'Antonio Padova. Chuir Donatello an dealbh eachrach Gattamelata i gcrích le linn dó bheith ag obair ar an altóir do Bhaisleac Sant'Antonio sa chathair.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint