about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Painteon

click to view fullsize

Téarma clasaiceach a thagraíonn do theampall tiomnaithe do na déithe ar fad. Is é an Painteon sa Róimh (a rinneadh eaglais Críostaí de ar ball) an ceann is táscmhaire díobh uile.

Thóg an tImpire Agrippa é timpeall ar 25 A.D. mar chruinnteach cé gur leasaigh Hadrian é níos déanaí. Seomra ollmhór sorcóireach atá taobh thiar de na doirse. Tá cruinneachán leathsféire os a chionn atá 43.2 m ar leithead. Bhí an cruinneachán ar an gceann is mó a bhí ann go dtí gur thóg Filippo Brunelleschi (1377-1446) an ceann ar ardeaglais Flórains in 1420-36 A.D.

Níl aon fhuinneoga sna ballaí is é an tsúil, an oculus ag mullach an chruinneacháin an t-aon fhoinse solais amháin san fhoirgneamh. D’fhéadfaí sféar a chur isteach san fhoirgneamh mar is ionann trastomhas an urláir agus airde inmheánach an dín. De bharr clú an Phainteoin sa Róimh tugtar an t-ainm ar fhoirgneamh ar bith den déanamh céanna.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint