about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Pala-Sena

click to view fullsize

Ealaín Pala-Sena

Tréimhse cultúrtha c. 750-1200 A.D. de chuid na hIndia nuair a bhí an rítheaghlach Búdaíoch Pala agus an rítheaghlach Hiondúch Sena i réim. Bhí siad i réim in Bengal agus in Bihar in Iarthuaisceart na hIndia. Bhí creideamh na Jain á chleachtadh sa cheantar chomh maith agus maireann saothair dá gcuid. Tréimhse socair saibhir a bhí ann i stair an cheantair.

Is ó thús an naoú céad AD áfach a thosaíonn a lán dealbhóireachta i gcloch agus i miotal ag teacht chun solais. Tosaíodh ar na Pala-phictiúir i.e. lámhscribhinní maisithe Búdaíocha a chruthú ón deichiú céad go dtí an tríú céad déag AD.

Rinne an dealbhóireacht Pala-Sena i gcloch dhubh an cheantair fairsingiú agus forbairt ar an Stíl Gupta.

Bhí lárionad tábhachtach ag Nalanda don dhealbhóireacht chré-umha Bhúdaíoch a rinneadh trí próiseas an chéir chaillte. Samhla a bhain leis an gcreideamh, an dia Hiondúch Vishnu mar shampla, is mó atá sna saothair móra. B’fhir saibhre is mó a rinne urraíocht orthu. Rinne an rítheaghlach urraíocht ar a lán teampaill agus ar a gcuid mhaisiúcháin chomh maith.

Tá tionchar an ghné Tantrach den Bhúdachas agus den Hiondúchas le tabhairt faoi deara ar an ealaín Pala-Sena.

Pictiúr : An India, Tréimhse Pala-Sena, Búda ina shuí 9ú nó 10ú céad A.D. Denver Art Museum, Denver, Colorado.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint