about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Patiens

click to view fullsize



Christus Patiens agus Christus Triumphans

Bhíodh crosa céasta de dhá chineál éagsúla ina seasamh ar an scáthlán croise in eaglaisí na meánaoiseanna. dealbha móra polacrómatacha a bhí i gceist. Ar an gcéad dul síos léiriú de Chríost agus é marbh, Cristo morto a bhíonn san Christus Patiens. Ar an dara dul síos léiriú de Chríost beo agus a shúile oscailte, é ag seasamh ar an gcros in ionad bheith ar crochadh uirthi a bhíonn sa Christus Triumphans.

Ar éigin a bhfuil aon cheann de na crosa sin anois san áit a cuireadh iad i dtosach. Baineadh anuas a bhfurmór in imeacht an dara mílaois agus cuireadh i séipéil agus in áiteanna eile iad, le linn an Reifirméisin go mór mór.

Síleadh chomh maith gur cuireadh béim ar Christus Patiens in Iarthar Eorpa de bharr San Froinsias agus na Proinsiasaigh. Chreid scoláirí ar feadh i bhfad go raibh an dá chineál samhail díorthaíthe ó íocónagrafaíocht Chríostaí Impireacht Rómhánach an Oirthir ach tá cuid eile acu tagtha ar a mhalairt de thuairim anois.

Creideann siad cé go dtagann an Christus Triumphans ó íocónagrafaíocht Chriostaí Impireacht Rómhánach an Oirthir ceart go leor ach ba bhunsamhail de chuid an Ealaín Chairilínseach é an Christus Patiens áfach. Maítear go sonrach go mbaineann an léiriú is luaithe de le 820 A.D. agus le Saltair Utrecht go sonrach a bhaineann féin le Scoil Rheims. Maítear gur ceapadh iad faoi anáil téacsanna ar nós véarsa 12, Salm 116:

“Cén cúiteamh a dhéanfaidh mé leis an Tiarna
ina ndearna sé dom?
Glacfaidh mé cupán an tslánaithe,
gairfidh mé ainm an Tiarna.
Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarna
i bhfianaise a phobail.
Is luachmhar i láthair an Tiarna
bás a fhíréan.”

Catagóir: Íocónagrafaíocht Chríostaí

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint