about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Pearce, Edward Lovett

click to view fullsize



Edward Lovett Pearce, (1699-1733)

Ailtire agus eiseamláir mór an Phalláideachais sa choilíneacht Shasana in Éirinn lena linn. Rugadh i gCo. na Mí é agus ba mhac é don Ghinearál Edward Pearce.

Bhí sé gaolta le Sir John Vanbrugh ailtire mór le rá i Sasana a dhear foirgnimh ar nós Pálás Blenheim i stíl an Bharóic. Nuair a fuair a athair bás sa bhliain 1715 d’imigh Edward go Sasana agus fuair oiliúint san ailtireacht uaidh. Liostáil sé in Airm Shasana dhá bhliain ina dhiaidh sin. D’éirigh sé as an Airm tar éis cúig bhliana a thabhairt dó agus d’iompaigh ar an ailtireacht arís.

D’imigh sé don Fhrainc agus don Iodáil agus chaith trí bhliana ag taistil agus ag déanamh staidéir ar an ailtireacht thall. Chuaigh saothar agus leabhair Andrea Palladio, (1508-80) i bhfeidhm go mór air agus rinne sé dianstaidéar orthu. Chuir sé aithne san Iodáil ar an ailtire Alessandro Galilei. Bhí coimisiún mór faighte aige-san ag an am chun teach mór Castletown a dhearadh. Thug Edward aghaidh ar Éirinn tar éis a thréimhse staidéir. Ní raibh ach gníomhréim de sheacht mbliana aige sula bhfuair sé bás go hóg.

I measc na bhfoirgnimh a dhear sé bhí; éadan theas Theach Dhroim Conrach, (1727), Tithe na Pairliminte (1728-1739) ar Fhaiche an Choláiste i mBaile Átha Cliath, Teach Bellamont (1730) ar an Muinchille, Co an Chabháin agus dhá theach i Sráid Henrietta i mBaile Átha Cliath.

Toghadh mar MP ar son Ráth Tó don Phairlimint Choilíneach é sa bhliain 1727, bronnadh ridireacht air sa bhliain 1732 agus ceapadh é sa bhliain 1730 mar Suirbhéir Ginearálta na hÉireann.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint