about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Pirimid Khufu

click to view fullsize

Pirimid KhufuCheops ag Giza

Éacht ailtireachta. Tógadh na trí phirimidí atá ag Giza mar thuamaí do na farónna. Ba reilig é Giza do chathair Memphis. Tá ceann díobh Pirimid Khufu nó Cheops ar sheacht n-iontais an domhain ársa, an t-iontas is fearr caomhnaithe a mhaireann díobh uile anois. Is do na farónna Khefre agus Menkaure a tógadh na cinn eile.

Tá na pirimidí móra ansin gar do Chathair Cairó an lae inniu. Tógadh pirimid Khufu c. 2560 R.Ch. agus ghlac sé fiche bliain lena thógáil. Tá sé 145.75m ar airde agus glacann a bhun achar 5 heicteár. Tá dhá mhilliúin cloch inti iad uile os cionn dhá thonna an ceann.

Ní raibh ar feadh 4,300 bliain struchtúr ar bith níos airde ná í go dtí an naoú céad déag.

Soldats! Du haut de ces Pyramides, 40 siècles nous contemplent.” “A shaighdiúirí! Ó bharr na bpirimidí tá 40 céad de stair ag breathnú anuas orainn,” b’in ráiteas clúiteach Napoleon. Shíl sé ag breathnú uirthi go raibh go leor cloiche sa phirimid chun balla 3m ar airde a thógáil mórthimpeall na Fraince ar fad agus an ceart aige!

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint