about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Plateresque

click to view fullsize

Is ionann platero agus saor airgid nó gabha geal sa Spáinnis, focal a thógtar isteach sa Fhraincis chun an téarma plateresque a dhéanamh, tugann na Spáinnigh féin platersca air. Tagríonn sé do stíl greanta ornáideach ailtireachta de chuid na Spáinne den tréimhse ó dheireadh an chúigiú céad déag go dtí déaga luatha an séú céad déag.

Tugadh an t-ainm toisc go raibh cosúlacht láidir idir an stíl ailtireachta na n-éadan go mór mór agus saothar na saor airgid ag an am.

Sampla dearscnaitheach den stíl is ea éadan thiar Ollscoil Salamanca ó 1493 A.D. Thógfaí an Colegio de los Irlandeses faoi chúram Ord na nÍosánach gar don láthair céad bliain beagnach ina dhiaidh sin i 1592.

Pictiúr : Éadan thiar Ollscoil Salamanca (1494).

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint