about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Purser, Sarah

click to view fullsize



Sarah Purser, (1848-1943)

Portráidí rathúil faiseanta, ealaíontóir i ngloine daite agus eagraí cumasach a rugadh i Dún Laoghaire.

Muilleor agus grúdaire a bhí ina hathair Benjamin Purser agus d’imigh an teaghlach chun cónaithe i nDún Garbháin nuair a bhí sí óg. Bhí an teaghlach go maith as agus seoladh Sarah in aois a thrí bhliana déag go dtí an Eilbhéis ar feadh dhá bhliain chun bailchríoch a chur ar a cuid oideachais. Theip ar ghnó a athar sa bhliain 1873 agus d’imigh sé go Meiriceá. D’fhulaing an teaghlach anró agus d’imigh Sarah agus a máthair chun cónaithe i mBaile Átha Cliath.

Bhí sé ar intinn ag Sarah faoin am seo dul leis an ealaín mar ghairm bheatha agus d’fhreastail sí ar ranganna sa Metropolitan School of Art. Thug a dheartháireacha tríocha punt di agus d’imigh chun tuilleadh staidéir a dhéanamh san Académie Julian i bPáras ar feadh leathbhliana ag deireadh 1878 agus tús 1879. D’éirigh léi turas a dhéanamh don Iodáil mar chuid de chomh maith. Chuir sí aithne ar agus bhunaigh caradas buan idir í féin agus na péintéirí Louise Breslau ón Eilbhéis, Berthe Morisot ón bhFrainc agus Maria Bashkirtseff ón Rúis.

D’fhill sí ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1879 agus chuaigh i mbun oibre mar phortráidí gairmiúil. Bhí dhá bhua aici, bhí sí oilte i stíl nua-aimseartha na Fraince agus bhí aithne aici ar uasalaicme na tíre, muintir Gore-Booth go mór mór. Chuir siadsan in aithne don ArdLeifeanant agus chuir seisean in aithe d’uaisle Shasana í. Bhí Sarah meáite ar airgead a shaothrú de dheasca na bochtaine a d’fhulaing sí agus ba ghairid go raibh coimisiúin ag teacht chuici, dhéanadh sí portráidí ó ghrianghrafanna chomh maith. D’imigh sí mar adúirt sí féin “tríd uaisle na Breataine mar a bheadh an bhruitíneach ann.” I measc iad siúd a shuigh di in Éirinn bhí W.B. Yeats, Jack B. Yeats, Maud Gonne, Ruairí Mac Easmainn, Samuel Ferguson, Sir Henry agus Lady Gore-Booth agus an Craoibhín Aoibhinn. Mhaígh sí féin gur shaothraigh sí £30,000 as an bportráidíocht.

Bhí sí críonna leis airgead agus cheannaigh sí scaireanna i gcomhlacht Guiness nuair a rinneadh comhlacht phoiblí de agus rinneadh bean shaibhir di.

Thaispeánadh sí a portráidí ina lán áiteanna in Éirinn agus i Sasana,ag an Royal Hibernian Academy agus ag an Royal Academy i Londain, i mBéal Feirste, i gCorcaigh, i Learpholl, i bPáras, sa Bhruiséal agus i mBostún. Rinneadh ball oinigh den Royal Hibernian Academy di sa bhliain 1890, fo-bhall de sa bhliain 1923, agus ball sa bhliain 1925.

Rinne Sarah tréaniarracht cead a fháil ó Michael Davitt a phortráid a phéinteáil ar feadh i bhfad. Chuir sí aithne air ar deireadh agus shuigh sé don phortráid sa bhliain 1888. Thaispeáin Sarah an phortráid i Londain sa bhliain 1892 agus san Royal Hibernian Academy an bhliain dar gcionn. Ina theannta sin rinne sí portráid den laoch ar leaba a bháis sa bhliain 1906.

Ar na cineálacha eile saothair a dhéanadh sí bhí bláthphictiúir, pictiúir seánra, tírdhreacha, agus gloine daite. Ach is mar dhuine forásach a chuir tús le tiondcnaimh barrthábhachtacha is mó a chuimhnítear uirthi inniu. Is sa bhliain 1886 a chuir sí tús lena gníomhréim mar thionscnóir sa bhliain le bunú an Dublin Art Club. Sa bhliain 1899 chabhraigh sí le AE taispeántas de shaothair chomhaimseartha ón bhFrainc a reáchtáil. Reáchtáil sí taispeántas dúbailte tábhachtach de phictiúir Nathaniel Hone Sóisearach agus de phictiúir Jack Butler Yeats sa bhliain 1910. Bhí seisean ina chónaí i Sasana ag an am agus chabhraigh an taispeántas leis an cinneadh a dhéanamh filleadh ar Éirinn. Chomh maith leis sin spreag an taispeántas Hugh Lane chun spéis a chur i mbunú Gailearaí Nuascoile in Éirinn.

Bhunaigh Sarah agus Edward Martyn (1859-1923) an Túr Gloine sa bhliain 1903 chun ealaíontóirí óga a thraenáil agus chun saothair dúchasacha a chruthú do shéipéil na hÉireann. Drámadóir a bhí in Edward Martyn a raibh áit thábhachtach aige i mbunú fiontair chultúrtha eile ar nós an Feis Ceoil sa bhliain 1896, an Irish Literary Theatre (Amharclann na Mainistreach) sa bhliain 1899, an Palestrina Choir sa bhliain 1902. Bhí lámh aige chomh maith i mbunú an Irish Theatre Company sa bhliain 1914. Thug AE Child ón rannóg ghloine daite san Metropolitan School of Art agus an scoil féin comhairle agus cabhair don Túr Gloine agus chuir lena rathúlacht. Bhronn saothair ealaíontóirí ar nós Evie Hone (1894-1955), agus Michael Healy (1873-1941) ón Túr Gloine cáil domhanda orthu féin agus ar an tír.

Ón mbliain 1911 ar aghaidh thionóladh Sarah teach oscailte d’ealaíontóirí d’acadúlaigh agus d’intleachtóirí i Mespil House, teach a bhí aici féin agus ag a deartháir. Rinneadh gobharnóir den Ghailearaí Náisiúnta de Sarah sa bhliain 1911. Bhí baint lárnach aici le bunú Friends of the National Collections of Ireland sa bhliain 1924. Chomh maith le hairgead a bhailiú don Ghailearaí Náisiúnta bhí sé mar aidhm ag an ngrúpa seo stocaireacht a dhéanamh le go dtabharfaí bailiúchán Hugh Lane ar ais don tír. D’áitigh sí sa bhliain 1930 ar an Taoiseach W.T. Cosgrave, Charlemont House a thabhairt ar láimh ar son Ghailearaí Nuascoile agus mar ionad taispeántais ar son bhailiúchán Hugh Lane. Fuair sí bás i mBaile Átha Cliath.

An Pictiúr: Idil Éireannach, oladhathanna, Sarah Purser

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint