about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Redmond, Mary

click to view fullsize



Mary Redmond, (1863-1930)

Dealbhóir a bhí ar an aon ealaíontóir mná amháin b’fhéidir chun séadchomhartha náisiúnta a chur i gcrích i rith an naoú céad déag. Is beag eolas anois uirthi i mbéal an phobail taobh amuigh den dealbh sin - cuimhneachán an Athar Maitiú ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath.

Rugadh ar an Aonach i dTiobrad Árann í ach d’aistrigh a teaghlach nuair a bhí sí óg. Tógadh in Ard Cloiche i gCo Chill Dara í, áit a raibh a hathair ag obair sna cairéil aolchloiche ansin. Léirigh Mary ardspéis i múnlú deilbhíní as an nglár áitiúil nuair a bhí sí fós ina páiste scoile. Aithníodh an mhianach a bhí inti agus cuireadh chun Baile Átha Cliath í.

D’ eirigh léi ansin agus í an-óg fós freastail ar ranganna san Dublin Metropolitan School of Art agus ghnóthaigh scoláireacht don scoil ar ball a chuir ar a cumas leanúint ar aghaidh. Chuir sí spéis sa phortráidíocht agus ghlac sí páirt sa bhliain 1880 i dTaispeántas an Royal Hibernian Academy. Chleacht sí seodóireacht agus múnlóireacht ar soithigh chriadóireachta ar bhonn proifisiúnta chomh maith.

Thóg cara dá cuid í chun na Róimhe agus chun Cathair Flórains ar ball, áit a ndearna sí staidéar sna hacadaimh.

Tugadh go leor coimisiúin di, portráidí sa chuid is mó, in Éirinn agus i Sasana. Rinne sí bustaí de William Limerick Martin (1844-89) cigire san R.I.C. a fuair bás tar éis a bhuailte i nGaoth Dobhair, agus Dwyer Grey (1845-88) an t-úinéar nuachtán mar shampla. Rinne sí busta de William Ewart Gladstone (1809-98) príomhaire Shasana ina theach féin i Sasana.

Fuair sí an coimisiún chun leacht chuimhneacháin a dhéanamh in onóir an Athair Maitiú do láithreán ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath. Leagadh an bhunchloch dó sa bhliain 1890. Ar íorónaí an tsaoil fuair Mary pótaire bocht a raibh cónaí air in ósta chun a bheith ina chuspa aici. B’éigean di é a ligean chun bealaigh de dheasca é a bheith ar meisce mar chuspa. Ghlac seisean go dona leis seo agus bhris isteach ina stiúideo agus scrios an obair a bhí déanta aici go dtí sin. B’éigean di tosú as an nua. Nocht James Shanks Ardmhéara Bhaile Átha Cliath an dealbh i searmannas poiblí sa bhliain 1893.

D’imigh Mary chun cónaithe san Iodáil ina dhiaidh sin agus phós agus thóg a clann ann. Fuair sí bás thall i gCathair Flórains.

An Pictiúr: An t-Athair Maitiú (1893 Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath) Mary Redmond. Grianghraf le caoinchead Fhrainc Uí Bhroin

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint