about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Reid, Nano

click to view fullsize



Nano Reid, (1905-81)

Péintéir tírdhreacha ach a rinne portráidí agus radharcanna fíortha maille le maisiúcháin chomh maith i stíl an Eispriseanachais.

Rugadh Nano i nDroichead Átha agus baisteadh í mar Anne Margaret. In aois a cúig bliana déag di sa bhliain 1920, ghnóthaigh sí scoláireacht chun freastal ar an Dublin Metropolitan School of Art. Bhí Seán Keating (1889-1977), Patrick Touhy (1894-1930) agus Harry Clarke (1889-1931) mar oidí aici ina seal ansin. Ghlac sí páirt den chéad uair i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1925 agus lean, taobh amuigh den cúig bhliaina a bhí sí taobh amuigh d'Éirinn, de na taispeántais bhliantúla go dtí an bhliain 1968.

Chuaigh sí anonn go Páras sa bhliain 1928 agus rinne staidéar gairid san Academie de la Grande Chaumière. D'imigh sí ar aghaidh ansin chuig Londain agus chaith an bhliain ag staidéar san Central School of Arts and Crafts. Bhí Bernard Meninsky (1891-1950) péintéir cáiliúil mar oide aici ansin. Rinne sí staidéar sa bhliain 1930 sa Chelsea College of Art agus d'fhill ar Éirinn sa bhliain 1931. Bhí baint aici le taispeántais chumann an Dublin Painters ón uair a tháinig sí ar ais agus is faoina gcoimirce sa bhliain 1934 a bhí a céad taispeántas aonair aici.

Rinne Nano roinnt múrphictiúir chomh maith i dteannta a pictiúir tacais. Thaispeáin sí a saothar i ngailearaithe príobháideacha agus i Sasana ón mbliain 1946 ar aghaidh. Rinne saothar Nano agus saothar Norah McGuinness (1901-1980) ionadaíocht thar ceann na hÉireann sa bhliain 1950 i nDébhliantóg na Veinéise. Thaispeáin sí i bhfad agus i gcéin sna blianta ina dhiaidh sin. Fuair Nano bás i Droichead Átha.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint