about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Renaissance

click to view fullsize

An réabhlóid cúltúrtha, sóisialta agus ealaíne a raibh a bhunús sna cathairstáit de chuid thuaisceart na hIodáile le linn an cheathrú céad déag, i.e. an quattrocentro agus ar aghaidh a bhain a bharrchéim amach san seachtú céad déag.

Seasann an Renaissance don tréimhse a d’athraigh an Eoraip óna Meánaoiseanna go dtí an Nua-Aois lena bhéim úr ar an duine aonair. Ciallaíonn Renaissance na Fraincise agus a chomhionann san Iodáilis Rinascimento athbhreith.

Chreid na hIodáiligh gur mhill na barbaraigh ón tuaisceart bláth na n-ealaíon ar fad nuair a threascair siad Impireacht na Róimhe agus chreid siad gur chóir dóibh a n-oidhreacht ghlórmhar a athshealbhú.

Chuir an scríbhneoir Giorgio Vasari (1511-74) insint fhoirmeálta ar an tuairim seo ina leabhar Le Vite de Più Eccellenti Pittori, Scultori, et Architetti, Italiani ... a foilsíodh i 1550 agus atá ar an leabhar is tábhachtaí b’fhéidir dar scríobhadh riamh ar stair na n-ealaíon. Síltear gurbh é Vasari féin a cheap an téarma Rinascimento nach bhfuair cúrsaíocht fhorleathan áfach go dtí an naoú céad déag. Ba é an scríbhneoir Francach J. Hittorf a chuir an téarma i mbéal an phobail i 1830 agus sin an fáth a bhfuair an leagan Fraincise de cúrsaíocht.

Déanann údaráis éagsúlacha roinnt éagsúla ar thréimhse an Renaissance ach sa lá atá inniu ann déantar roinnt comhghnásach faoi cheathair uirthi :

Próta-Renaissance, an tréimhse c. 1150 - c. 1400.

Luath-Renaissance, an tréimhse c. 1420 – 1500 A.D.,

Ard-Renaissance, an tréimhse 1500-20 agus an

Renaissaine Déanach an tréimhse c. 1520 – 1600 A.D. arbh ionann é agus an Mainéarachas chomh maith.

Is léir go gcaithfeadh a lán toscaí éagsúla a bheith i bhfeidhm chun feinimeán chomh casta leis an Renaissance a mhíniú. I measc na dtoscaí sin bhí an Galar Dubh a mharaigh leath de dhaonra na hEorpa idir 1350 agus 1450. Nuair a shíothlaigh sé tháinig meánaicme úr de bhaincéirí, trádálaithe, mangaraí agus ceardaithe chun cinn. Bhí an Iodáil faoi thionchar Biosántach rud a chabhraigh go mór lena forbairt. Bhí cathracha, an Veinéis go mór mór in iomaíocht agus in éad leis na mBiosántaigh. D’éirigh leis na Veinéisigh i 1245 A.D. an ceathrú Chrosáid a threorú i dtreo Chathair Chonstaintín agus creachadh an chathair. Fuair an Veinéis maoin ollmhór, ceardaithe oilte agus smacht ar an dtrádáil leis an Oirthear uaidh seo. Tháinig an Caipitleachas chun tosaigh sa cheantar agus d’éirigh cathairstáit Thuaisceart na hIodáile saibhir.

Tháinig an daonnachas chun tosaigh mar fhealsúnacht in éineacht le athbheochan ar staidéar ar litríocht shaolta na Rómhánach agus na nGréagach. Thosaigh ealaíontóirí agus ceardaithe ag cur a n-ainmneacha lena saothair, rud a bhí forleathan in Éirinn i bhfad roimhe sin. Thosaigh meas ag fás ar an ealaíontóir mar chruthaitheoir faoi inspioráid nó duine a raibh ardéirim ann.

Tharla fás mór ar thábhacht an saol sibhialta i saol cultúrtha na hEorpa mar a léirigh an pháirt mhór a bhí ag tuataigh uaisle ar nós Lorenzo de Medici a raibh bua na n-ealaíon acu féin uaireanta i bpátrúnacht na n-ealaíon. Lean an Eaglais faoi Phápaí ar nós Alastair VI, Julius II agus Leo X ar aghaidh ag déanamh urraíochta ar ealaíontóirí ar nós Michelangelo agus Raphael (Raffaello Sanzio). Taobh leis an meas a bhí ar an inspioráid ealaíne bhí meas ar an “duine uilíoch nó ioldánach” an duine a raibh máistreacht aige ar gach ealaíon agus eolas maith aige ar na Clasaicí.

Ó thaobh na súl de is é an t-athrú ón nGotachas go dtí athbheochan ar an gClasaiceas san Ailtireacht an t-athrú is follasaí de chuid an Renaissance. Áirítear Filippo Brunelleschi (1377-1446) ar an chéad ailtire de chuid an Renaissance. Tharraing sé ar bhealach saor as stór na bhfoirmeacha Clasaiceacha agus d’fhorbair córas bunúsach peirspeictíochta. Bhí saothar Leon Battista Alberti (1404-72) agus a leabhar Delle Pittura tábhachtach chomh maith maidir leis seo. Bhí ráchairt ar an ailtireacht shaolta agus tógadh paláis ollásacha, i gCathair Flórans go mór mór, ar nós an Palazzo Pitti, Palazzo Medici, Palazzo Rucellai agus an Palazzo Strozzi.

Rianaítear tús an Renaissance sa dealbhóireacht siar go dtí saothar Nicola Pisano (d’éag 1278/84). Tá sé ar eolas go ndearna sé staidéar ar sarcafagais Rómhánacha. Ba é Donatello (1386-1466) áfach an chéad dealbhóir chun máistreacht a fháil ar an ndealbhóireacht chlasaiceach. Bhí a shaothar an dealbh de Naomh Seoirse ar an chéad dealbh shaorsheasaimh ón gcianaimsir i leith. Ba é Michelangelo Buonarotti (1475-1564) an chéad dealbhóir eile a rinne mórfhorbairt ar an ndealbhóireacht agus is minic a fhéachtar ar a shaothar mar bharrchéim na dealbhóireachta ar fad.

Ní raibh mórán pictiúir agus dá bhrí sin eiseamláirí cuí ón gcianaimsir ar marthain. Bhí a fhios ó na scríbhinní a dtáinig anuas go raibh tugthacht ar leith ag na péintéirí Clasaiceacha don Nádúr. Glacadh leis an gcáilíocht seo mar bhunsmaoineamh do Phéintéireacht an Renaissance. Toisc go ndearna Giotto (d’éag 1337) dul chun cinn suntasach leis an Nádúrachas uaireanta déantar thús phéintéireacht an Renaissance a rianú siar go dtí é. Is fearr le criticeoirí áirithe áfach é a rianú siar go Masaccio (1401-28) a chuir an pheirspeictíocht á bhí ag forbairt i bhfeidhm ina bpictiúir.

Bhí tionchar mór ag na péintéirí Pléimeannacha, ar chuid de Renaissance an Tuaiscirt iad, a rinne scagadh agus feabhsú ar theicníocht an Oladhatha agus a thug an teicníocht don Iodáil, áit ar glacadh go fonnmhar leis.

Bhain Brunelleschi, Donatello agus Masaccio agus líon mór ealaíontóirí tábhachtacha eile le cathair Flórans agus dá bhrí sin féachtar ar an gcathair sin mar chliabhán an Renaissance agus an tréimhse thart ar 1425 mar am na cinniúna in ealaín na hEorpa nuair a d’athraigh gach rud go deo. Cé gur fhan Flórans cinniúnach ar feadh céad bliain, thosaigh cathracha eile ar nós an Róimh agus an Veinéis ag éirí tábhachtach.

Díríonn criticeoirí anois níos mó ná riamh isteach ar an tréimhse 1500-20 mar thréimhse an Ard-Renaissance i.e. barrchéim an Renaissance, níos mó ná sin is minic a bhíonn meas bharrchéim na n-ealaíon uile ar an tréimhse sin. Rinne Michelangelo Buonarotti (1475-1564), Raphael (Raffaello Sanzio) (1483-1520) agus Tiziano (c.1487-1576) Donato Bramante (1444-1514) sárshaothair a mhaireann faoi mheas i gcónaí. Bhí tábhacht thar na bearta ag ealaíontóirí eile ar nós Giovanni Bellini (1430?-1516), Giorgione (Giorgione da Castelfranco) (1477-1510 ) agus Titian (Tiziano Vecellio) (c. 1485/90-1576).

D’athraigh saothar na ndaonnaithe, scoláire-scríbhneoirí ar nós Petrarcho, tréithe litríocht na hEorpa chomh maith. Nuair a d’fhionnaigh Johannes Gutenberg bealach praicticiúl chun clódóireacht a dhéanamh in c. 1450 chuir sé modh dáiliúcháin éifeachtach ar fáil do na smaointe úra.

Tháinig feabhas ar an ngreanadóireacht ag an am céanna agus scaipeadh samhla an Renaissance i bhfoirm clónna ealaíne agus léaráidí. Rinne tuairimíocht na ndaonnaithe Erasmus go mór mór an bealach réidh don Reifirméisean Protastúnach. Tháinig seo go cnámh na huilinne ar an 31ú Deireadh Fómhair 1517 A.D. nuair a d’fhoilsigh Martin Luther a 95 thuairimí i gcoinne an Eaglais a bheith ag tabhairt loghadh. Bheadh an Eoraip trína chéile mar gheall ar seo ach níor chuir sé aon srian le scaipeadh smaointe agus foirmeacha an Renaissance. Ní bheadh an Reifirméisean Caitliceach éifeachtach sna healaíona go dtí an Bharóc.

Thosaigh idéil an Renaissance ag taisteal thar teorainn na hIodáile tar éis 1500. Áirítear Albrecht Dürer (1471-1528) mar ealaíontóir den scoth a bhain le Renaissance an Tuaiscirt agus a tháinig faoina dtionchar. Bhí tábhacht thar na bearta ag a shaothar i leathadh idéil Renaissance na hIodáile sa Tuaisceart. Thóg sé a lán de chúraimí an Renaissance anonn ina staidéar ar pheirspeictíocht agus optaic. Thosaigh nós ag óg-ealaíontóirí uaillmhianacha na hEorpa cuairt a thabhairt ar an Iodáil chun eolas a fháil ar bharrshaothair an Renaissance bhí an Mainéarachas faoi lán tseoil ann.

Foras eile a bhí barrthábhachtach i gcur chun cinn agus i scaipeadh idéil an Renaissance ba ea an acadamh. Is i bhFlórans na hIodáile i 1563 a bunaíodh an chéad acadamh a bhí tiomnaithe do na Míndána, thart timpeall ar Giorgio Vasari (1511-74). Bhí sé ina uachtarán air agus tá cáil leitheadach air fós de bharr a leabhair ar na healaíona a bhain leas éifeachtach as aireagán Gutenberg.

Tá smaointe an Renaissance éifeachtach fós.

Léaráid : Dáibhí 1504 A.D. Marmar le Michelangelo Buonarotti (1475-1564), airde 517 cm, an Galleria dell’Accademia, Flórans

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint