about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Roberts, Thomas

click to view fullsize



Thomas Roberts, (1749-78)

Péintéir ildánach tírdhreacha a chleacht fíortha agus ainmhithe ina phictiúir. Ailtire a bhí ina athair John Roberts agus rugadh i bPort Láirge é. Péintéir a bhí ina dheartháir Sautelle Roberts (1760-1826) chomh maith.

Ghlac Thomas le printíseacht i stiúideo an phéintéara George Mullins (c. 1740-75) péintéir ó Bhaile Átha Cliath a chaith tamall de bhlianta ag obair i bPort Láirge. Fuair sé teagasc ó John Butts (c.1728-64), péintéir tírdhreacha a chaith a ghníomhréim i gCorcaigh ina theannta sin. D’aistrigh Thomas i gcuideachta George Mullins nuair a d’fhill seisean ar Bhaile Átha Cliath.

Bhí Thomas ag freastal ar scoileanna an Dublin Society i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1763. Bhí an péintéir tírdhreacha James Mannin (? -1779) a ceapadh ina oide ar an Scoil Tírdhreacha agus Oirnéaladh ansin sa bhliain 1756 ina oide aige. Bhain sé duaiseanna airgid trí huaire ar a laghad ina sheal ansin.

Ghlac Thomas páirt i dtaispeántais an Society of Artists ón mbliain 1766 go dtí 1777. Bhí ráchairt ar a shaothar agus bhí William Fitzgerald Diúc Laighin agus an Richard Wingfield Tiarna Powerscourt ina phátrúin aige.

Bhí eitinn ar Thomas agus d’aistrigh sé sa bhliain 1776 chuig Bath i Sasana ar mhaithe lena shláinte. D’imigh sé ar aghaidh go Liospóin na Portaingéile. Fuair sé bás ansin sa bhliain 1778. Tá roinnt dá shaothair sa Ghailearaí Náisiúnta. Thóg a dheartháir Sautelle Roberts cliantacht Thomas anonn agus ghlac an t-ainm Thomas Sautelle Roberts.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint