about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Roberts, Thomas Sautelle

click to view fullsize



Thomas Sautelle Roberts (1760-1826)

Ba dheartháir leis an bpéintéir tírdhreacha Thomas Roberts (1749-78) é Sautelle Roberts. Rugadh Sautelle i bPort Láirge agus ailtire a bhí ina athair John Roberts sa chathair sin.

Chuaigh Sautelle le gairm a athar agus d’fhreastail sé ar scoil ailtireachta an Dublin Society i mBaile Átha Cliath. Rinne sé go maith ar an scoil agus bhuaigh duais inti. Cheangail sé mar phintíseach leis an ailtire Thomas Ivory.

D’athraigh sé a intinn ansin thart ar am am a fuair Thomas a dheartháir bás agus chuaigh leis an bpéintéireacht. Thóg sé pictiúir neamhchríochnaithe a dheartháir anonn agus chríochnaigh iad. Ghlac sé ainm a dheartháir Thomas mar chuid dá ainm féin feasta.

Cé nach bhfuil na dátaí cruinne ar eolas chaith Thomas Sautelle bunús fiche bliain ag obair i Londain. Rinne sé a lán pictiúir in uiscedhath chomh maith le holadhath. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath timpeall na bliana 1799. Ghlac sé páirt i dtaispeántais an Royal Academy in Londain ar dtús sa bhliain 1789 nuair a bhí sé fós lonnaithe i Londain. Lean sé leis an nós go dtí an bhliain 1811. Chuireadh sé pictiúir anonn do thaispeántas an British Institution ón mbliain 1807 go dtí an bhliain 1818. Bhí daoine tábhachtacha Lord Hardwicke, an tArd-Leifeanant go mór mór ina phátrún aige. Thaispeáin sé a phictiúir chomh maith leis an Society of Artists i mBaile Átha Cliath agus lean de seo go dtí an bhliain 1826 agus céad taspeántas an Royal Hibernian Academy.

Bhí Thomas Sautelle mar ealaíontóir faoi ardmheas páirteach i mbunú an acadaimh nua. Ghortaigh Thomas Sautelle a ghualainn i dtimpiste agus ghoill sé go mór air nach raibh sé in ann an méid céanna oibre a dhéanamh agus ba ghnáth leis. Chuir sé lámh ina bhás féin.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint