about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Rosc

click to view fullsize

Taispeántas d’ealaíona avant-garde idirnáisúnta a reáchtáileadh den chéad uair i 1967 i mBaile Átha Cliath. Bhí sé i gceist ag an tús go mbeadh sé á reáchtáil gach ceithre bhliain. I 1964 thosaigh an t-ailtire Michael Scott ag fáil tacaíochta chun taispeántas idirnáisiúnta a reáchtáil. Bhí sé ag iarraidh an chuid is fearr den ealain idirnáisiúnta a chur os comhair ealaíontóirí agus pobal na hÉireann. Bhí réamhobair déanta ag an Irish Exhibition of Living Art ar seo cheana, ach bhí lucht a bhunaithe ag iarraidh Éire a chur ar an gcamchuairt idirnáisiúnta de thaispeántaisí agus chuige sin taispeántas chomh mór agus ab fhéidir a reáchtáil. D’éirigh le Scott agus a chomhoibrithe saothar a mhealladh ó Pablo Picasso, Willem De Kooning, Francis Bacon, Joan Miro, Robert Rauschenberg, agus Roy Lichtenstein agus a lán eile. Eagraíodh an dara taispeántas Rosc i 1971 le saothair ó Mark Rothko, Max Ernst, Jasper Burns, Rene Magritte agus Bridget Riley. Ritheadh an triú taispeántas i 1977 i gCorcaigh.

Pictiúr : Michael Scott tionscantóir Taispeántais Rosc

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint