about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Rothwell, Richard

click to view fullsize



Richard Rothwell, (1800-68)

Péintéir portráidí agus pictiúir seánra a rugadh in Áth Luain.

Oileadh é sna healaíona idir na blianta 1814 agus 1820 i scoileanna an Dublin Society. Chruthaigh sé go maith ansin agus bhain bonn airgid ar son a iarrachtaí.

Rinneadh fo-bhall den Royal Hibernian Academy a bhí nuabhunaithe agus ag cur ord ar féin sa bhliain 1824. Rinneadh ball de sa bhliain 1826. Ghlac sé páirt le portráidí i dtaispeántas na bliana 1826 den acadaimh, an chéad taispeántas dá chuid a reáchtáileadh riamh. Bhí saothar aige i ngach taispeántas ina dhiaidh sin go dtí an bhliain 1829 nuair a bhog sé go Londain.

Bhí sé ag obair thall mar chúntóir i stiúideo an phéintéara táscmhar portráidí Thomas Lawrence (1769-1830) agus tháinig faoina anáil. Thóg Richard cliantacht Lawrence anonn sa bhliain 1830 nuair a fuair seisean bás sa bhliain 1830. Chríochnaigh sé saothair Lawrence a bhí idir lámha agus bhí sé ar mhuin na muice agus aghaidh na bpátrúin air.

Chinn Richard sa bhliain 1831 ar thuras a dhéanamh ar an Iodáil chun staidéar a dhéanamh ar an bPéintéireacht Staire agus na seanmháistrí - rud a rinne sé. D’fhill sé ar Londain sa bhliain 1834 agus fuair sé amach faraor go raibh sé ligthe in ndearmad san idirthréimhse. Is cosúil gur dhuine goilliúnach a bhí ann gan bhealaigh bhána agus dá mhéid a n-iarrachtaí níor éirigh leis an chéimiúlacht chéanna a bhaint amach.

Phós Richard sa bhliain 1842 agus d’aistrigh anall go Ráth Fearnáin lena chlann ina dhiaidh sin sa bhliain 1847. Fuair iníon dá chuid bás timpeall na bliana 1850 agus chuir seo lionndubh agus míshocracht air. Chaith sé a chuid ama ag taistil agus ag obair i Sasana ar dtús sa bhliain 1852, Meiriceá ina dhiaidh sin sa bhliain 1854 ar ais i Sasana ina dhiaidh sin agus ansin ar aghaidh chun na Róimhe. An fiabhras ba thrúig bháis dó nuair a bhí sé sa Róimh agus tá sé curtha i Reilg na bProtastúnach thall sa chathair sin.

Is measc na portráidí a rinne sé bhí é siúd de chuid Mary Wollstonecraft Shelley (1840) agus William Huskisson (1831) atá sa National Portrait Gallery i Sasana. Tá a phictiúr Déircigh Núíosacha sa Ghailearaí Náisiúnta.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint