about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Russell, George

click to view fullsize



George Russell, – ‘AE’ (1867-1935)

Chomh maith le bheith ina phéintéir bhí AE ina fhile, drámadóir, iriseoir, eagarthóir agus léirmheastóir i measc rudaí eile. Rugadh ar an Lurgan i gContae Ard Mhacha é. Thóg an athair an teaghlach go Baile Átha Cliath sa bhliain 1878 tar éis dó post a fháil ann. Níor bhris an teaghlach an ceangal le Contae Ard Mhacha áfach agus thosaigh George óg ag líniú den chéaduair ann ar a laethanta saoire.

Thosaigh sé ag freastail mar mhac léinn páirt-aimseartha ar ranganna ealaíne san Metropolitan School of Art i mBaile Átha Cliath idir na blianta 1883 agus 1885. Shnaidhm sé caradas buan leis an bhfile William Butler Yeats le linn dó bheith ar an scoil sin. Ba sa tréimhse seo a thosaigh sé ag taibhreamh rudaí den chéad uair. Ghlac sé ballraíocht i gCumann an Diasúnachais, an Theosophical Society sa bhliain 1890. Is ar scoileanna an Royal Hibernian Academy a d'imigh sé iar sin áit ar bhuaigh sé duais sa bhliain 1888 ar son na líníochta ón mbeo.

Bhí Sir Horace Plunkett ina chathaoirleach ar an Irish Agricultural Organization Society ag lorg cúntóir don chumann sin agus ar dheafhocal ó William Butler Yeats fuair AE post ann sa bhliain 1897. D'éirigh go hiontach le George mar eagarthóir ar an Irish Homestead, iris an chumainn. Ceapadh ina leas-Uachtarán ar Irish National Theatre Society é sa bhliain 1902.

Lean sé leis an bpéintéireacht ag an am céanna áfach agus phléigh a shaothar in oladhathanna go mór mór idir thírdhreacha agus fhíortha le spioradáltacht an Diasúnachais. Rinne sé portráidí chomh maith. Bhí a shaothar i dtaispeántas na bliana 1905 de chuid an Royal Hibernian Academy. Taispeánadh a shaothar sa bhliain 1917 san Art Institute i Chicago, Illinois. Thugadh sé léachtanna i Meiriceá ina dhiaidh sin. Idir na blianta 1907 agus 1910 ghlac sé páirt i dtaispeántais bhliantúla san Leinster Lecture Hall i mBaile Átha Cliath agus taispeánadh roinnt dá shaothar i dtaispeántas den Ealaín Éireannach sa bhliain 1922.

D'aistrigh AE go Sasana sa bhliain 1932 tar éis bhás a mhná toisc lúdramáin dar leis a bheith i gceannas uirthi. Fuair sé bás i Bournemouth ach tá sé curtha i gCnoc Iaróim i mBaile Átha Cliath. Tá eiseamláirí dá shaothar in Ard Mhacha, i Músaem Uladh maille le cúig phortráid sa Ghailearaí Náisiúnta.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint