about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Sadler II, William

click to view fullsize



William Sadler II, (c.1782-1839)

Péintéir seánra agus tírdhreacha agus maisitheoir a rinne an chuid is mó dá phictiúir mar phainéalphictiúir. Bhain sé feidhm as painéil adhmaid agus copair.

Rugadh William i mBaile Átha Cliath agus an péintéir tírdhreacha agus maisitheoir William Sadler I ab athair dó. Tugtar William Sadler II chun idirdhealú a dhéanamh idir é féin a athair agus a mhac a raibh an t-ainm agus sloinne céanna orthu uile. Níl sonraí a shaoil ar eolas ach is cosúil gur oil a athar William Sadler II é. Rinne sé speisialtacht de radharcanna seánra ina mbíonn sluaite nó buíonta de shaighdiúir ar nós a phictiúr d’Aonach Dhomhnach Broc ionas go gcuireann staraithe sóisialta spéis iontu. Léiríonn a shaothar anáil scoil na hÍsiltíre.

Bhí ráchairt ar a shaothar agus d’fhostaigh sé roinnt cúntóirí ina stiúideo. D’oil sé an péintéir James Arthur O'Connor (1792-1841) ar feadh tamaill. Ghlac sé páirt i dtaispeántais an Society of Artists agus an Royal Hibernian Academy nuair a bunaíodh sin sa bhliain 1828 agus arís sa bhliain 1833.

Bhí beirt mhac aige a lean gairm a athar; William Sadler III (c. 1808-?) agus Rupert Sadler (1810-92) a rinne saothair a bhí cosúil le saothair a athar. Fuair William II bás ina theach féin i Raghnallach i mBaile Átha Cliath.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint