about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Saint Gaudens, Augustus

click to view fullsize

Augustus Saint Gaudens, (1848-1907)

Dealbhóir tábhachtach bisiúil a shamhlaítear le bláthú na dealbhóireachta agus le leachtanna cuimhneacháin ar Chogadh Cathardha Stáit Aontaithe Mheiriceá go mór mór ach a d'fhág saothar tábhachtach againn in Éirinn; Leacht cuimhneacháin Pharnell ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath.

Bhí sé i dteannta Andrew O’Connor Sóisearach, (1874-1941) agus Jerome Connor (1876-1943) ar dhuine de thriúr dealbhóirí de bhunadh na hÉireann agus a oileadh thall i Stáit Aontaithe Mheiriceá ach a rinne leachtanna tábhachtacha abhus.

Rugadh i mBaile Átha Cliath é féin de mháthair Éireannach agus d'athair Francach a bhí ina ghréasaí bróg sa chathair. Tógadh chuig Nua Eabhrach é nuair a bhí sé fós ina leanbh sé mhí d'aois agus oileadh thall é. Ghlac sé le printíseacht mar ghearrthóir caimeo sa bhliain 1861. Bhí a mháistirS crua agus d’imigh sé chuig gearrthóir eile sa bhliain 1864. Le linn dó bheith ina phrintíseach d’fhreastail sé ar ranganna san Cooper Institute i Nua Eabhrach agus ar an National Academy of Design iar sin.

Thaistil sé don Fhrainc ansin sa bhliain 1867 agus rinne staidéar san École des Beaux Arts i bPáras an bhliain dar gcionn. Bhí sé in ann íoc as a bhealach féin ansin trí bheith ag obair mar ghearrthóir caimeo. D’imigh sé don Róimh ina dhiaidh sin sa bhliain 1870 chun staidéar breise a dhéanamh agus chuir eolas ar dhealbhóireacht an Renaissance. Shnoigh sé Hiawatha a chéad fhíor saorsheasaimh i marmar ansin.

Níor bhris sé a cheangal le Páras riamh ach choinnigh stiúideo ansin agus i Nua Eabhrach ar feadh a shaoil uile. D’fhill Augustus ar Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1875.

Fuair sé coimisiún ansin chun leacht cuimhneacháin a dhéanamh in onóir ar an Aimiréal Farragut. Cuireadh an leacht sin suas i gCearnóg Madision Nua Eabhrach sa bhliain 1881 agus thuill aghaidh an phobail ar an toirt. Chuir an coimisiún seo tús lena chomhoibriú rathúil leis an ailtire Sanford White.

Rinne sé dealbh d’Abraham Lincoln ina sheasamh os comhair cathaoireach sa bhlian 1887. Tá seo suite i Lincoln Park, Chicago. Rinne sé an an dealbh (an Piúratánach) i gcuimhne ar an Déagánach Samuel Chapin in Springfield, Mass. sa bhliain chéanna. I measc na saothar eile a rinne sé bhí an cuimhneachán ar Robert Gould Shaw a bhí i gceannas ar reisimint de dhaoine gorma sa Chogadh Cathartha. Tá seo suite ar Boston Common agus nochtadh é sa bhliain 1897. Rinne sé Cuimhneachán an Ghinearál John A. Logan atá suite i Chicago chomh maith agus a críochnaíodh sa bhliain 1897, an cuimhneachán ar an nGinearál William Tecumseh Sherman ar Central Park, Nua Eabhrach a críochnaíodh sa bhliain 1903 agus dealbh eile de Lincoln in Grant Park i gCathair Chicago a nochtadh tar éis bháis an dealbhóra sa bhliain 1909.

Is minic a bhreathnaítear ar an leacht cuimhneacháin a rinne sé do Bhean chéile Henry Adams agus atá suite i Reilg Rock Creek i Washington D.C. mar shárshaothar a shaothair uile. Is minic a thugtar Cumha air agus is éard atá ann ná fíor leis an gceann faoi chochall. Nochtadh an dealbh sa bhliain 1893.

Ní dhearna Augustus ach aon dealbh nocht amháin ina ghníomhréim ar fad. B’shin Diana (189) atá san Philadelphia Museum of Art anois. Is dealbh ollmhór é seo ach rinne sé a lán saothair ar scála níos lú.

Rinne sé a lán portráidí i rilíf an-íseal ar fad, nó rilievo schiacciato mar a thugtar air. Is é an rilíf phortráide a rinne sé de Robert Louis Stevenson atá anois in Eaglais Naoimh Giles i nDún Éideann an ceann is fearr aithne díobh.

Dhear Augustus an bonn don Chicago World's Fair na bliana 1893 agus dhá bhonn óir de chuid monaíocht Stáit Aontaithe Mheiriceá a eisíodh idir na blianta 1907 agus 1933. Dhear sé an bonn aon ceint chomh maith. Tá cáil ar na boinn seo mar na boinn is áille riamh de chuid mhonaíocht Mheiriceá.

Bhí Augustus tinn leis an ailse ón mbliain 1900 ar aghaidh ach lean sé leis ag obair óna theach agus eastát féin in Cornish, New Hampshire. Chruinnigh ealaíontóirí agus scríbhneoirí thart air ansin agus tugtar Coilíneacht ealaíne Cornish ar an bpobal ealaíne a bhí ag feidhmiú thart air.

Ní dhearna Augustus ach aon leacht cuimhneacháin amháin in Éirinn, Leacht cuimhneacháin Charles S. Parnell (1846-1891) ar cheann Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath. John Redmond ceannaire an Pháirtí Pairliminte a tháinig aníos leis an smaoineamh i dtosach, an dealbh a chur suas. Chuir seisean tús le feachtas bailithe airgid chun an tionscnamh a chur i gcrích. Pearsa conspóideach a bhí i Parnell fós agus ní raibh ag éirí leis go leor airgid a chruinniú. D’imigh sé chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá chun airgead a bhailiú ansin nuair a bhí an suíomh bronnta ar an tionscnamh. D’éirigh go maith leis i Meiriceá agus d’fhostaigh sé Saint Gaudens chun an leacht a dhéanamh nuair a bhuail sé leis thall sa bhliain 1900.

Bhí áthas an domhain ar Augustus leacht a dhéanamh ina chathair dhúchais. Thosaigh sé ag obair air sa bhliain 1903. Bhí an obair ag dul ar aghaidh go breá go dtí go ndeachaidh stiúideo Augustus in Cornish tré thine sa bhliain 1904. D’éirigh leis ceann na deilbhe a shábháil áfach agus thosaigh sé arís as an nua. Bhí an dealbh críochnaithe abhus in Éirinn nuair a fuair Augustus bás in Cornish sa bhliain 1907. Nochtadh leacht cuimhneacháin Pharnell ar an 1ú Deireadh Fómhair na bliana 1911.

An Pictiúr: An dealbh ar Leacht cuimhneacháin Charles S. Parnell ar cheann Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath. An pictiúr Le caoinchead Fhrainc Uí Bhroin

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint