about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Scanlan, Robert Richard

click to view fullsize



Robert Richard Scanlan (fl. 1826-1876)

Péintéir portráidí, mionphortráidí a lán acu de dhaoine agus d’ainmhithe, madraí agus capaill agus de phictiúir seánra.

Níl a shonraí ar eolas go beacht. Níl a fhios cá háit ar rugadh é nó cén oiliúint sna healaíona a fuair sé. Tagann sé chun solais a chéad uair nuair a sheol sé pictiúir chuig taispeántas an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1826. Portráidí a bhí i bhfurmhór na bpictiúir seo. Thaispeáin sé leis an Mechanics Institute i gCorcaigh chomh maith sa bhliain 1828. Lean a cheangail leis an acadamh I mBaile Átha Cliath go dtí an bhliain 1864 d’ainneoin go ndeachaidh sé anonn go Sasana timpeall na bliana 1837. Bhí saothair óna láimh ar taispeáint aige leis an Royal Academy thall ón mbliain seo 1837 go dtí an bhliain 1859 agus le hionaid eile.

Ghlac Robert le post mar príomhoide ar an School of Design i gCorcaigh sa bhliain 1852 nó 1853. Níor fhan sé rófhada sa phost nó bhí sé imithe as sa bhliain 1854. Tuairiscítear gur ghlac sé páirt sa Cork National Exhibition a reáchtáileadh sa bhliain 1852.

Cé go ndearna sé saothair in oladhath is in uiscedhath atá a bhfurmhór acu. Rinneadh greanadóireacht de roinnt dá shaothair, radharcanna spóirt agus seilge, agus bhí ráchairt orthu. D'fhill Robert Richard Scanlan ar Shasana agus chaith an chuid eile dá shaol ansin. Phéinteáil sé portráidí maithe móra Shasana - Sir Robert Peel ina measc.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint