about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Scoil

click to view fullsize

Is bealach an-scaoilte é chun ealaíontóirí a rangú iad a áireamh mar bhaill de scoil. Nuair a luaitear iad mar chuid de scoil náisiúnta ar nós Scoil na Spáinne nó scoil logánta ar nós Scoil na Róimhe ní gá go mbeadh aon chomhstíl ná comhthréithe i gceist. Bítear ag lorg comhthréithe amhail spiorad coitianta a bhíonn níos caolchúisí.

Nuair a bhaintear feidhm as an téarma faoi saothar ealaíontóir ar leith agus go ndeirtear go mbaineann sé le scoil Rembrandt van Rijn (1606-69) mar shampla, ciallaíonn sin go bhfuil an saothar féin neamh-shínithe agus a údar anaithnid, go bhfuil tréithe agus stíl Rembrandt le sonrú air agus dá bhrí sin go bhfuil sé dóchúil go ndearna dalta le Rembrandt nó duine dá lucht leanúna é.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint