about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Seven and Five Society

click to view fullsize



Seven and Five Society

Seachtar péintéirí agus cúigear dealbhóirí is bunús leis an ainm. Bunaíodh an cumann Briotaineach seo sa bhliain 1919 mar chuid den retour à l'ordre a bhí ag dul ar aghaidh ina lán áiteanna eile ag an am. Athraíodh sin go huile is go hiomlán nuair a rinneadh baill de Barbara Hepworth (1903-75), Henry Moore (1898-1986), Ben Nicholson (1894-1982) agus John Piper (1903-92). D’athraigh siad an cumann i dtreo an avant-garde ina dhiaidh sin agus chuir an ruaig ar na seanbhaill agus d’athraigh an t-ainm sa bhliain 1935 chun an Seven and Five Abstract Group .

Bhí Mainie jellett (1897-1944) agus Evie Hone (1894-1955) ina mbaill de agus bhí Norah McGuiness (1903-80) bainteach leo sa tréimhse seo nuair a bhí sí lonnaithe i Londain.

Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint