about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Sfioncs

click to view fullsize

Ainm Gréigise a chiallaíonn tachtaíthóir ach a thagraíonn do dhealbh nó séadchomhartha ollmhór de chuid shibhialtacht na nÉigipteach.

Murab ionann agus an Sfioncs Éigipteach ba neach urchóideach é an Sfioncs Gréagach a thachtfadh a íobairtí.

Is dealbh é an Sfioncs Éigipteach d’fhíor ar a bhfuil ceann fir faoi cheannbheart agus corp leoin air. Faightear an dealbh ársa seo i gceantar Giza i dteannta na bpirimidí agus tuamaí.

Tá sé ollmhór, tá sé 73m ar fhaid agus 20m ar airde. Snoíodh as an gcloch ghlas é ach rinneadh go leor damáiste de in imeacht na n-aoiseanna. Cuireadh fásáil cloiche air am éigin. Síltear mar shampla gur thosaigh an creimeadh air chomh luath le 2,200 R. Ch.

Tá dátaí éagsúla tugtha faoin am ar tógadh é agus teoricí ag fás as éadan faoina bhrí. Is é an gnáth-thuairim faoi áfach ná gur thóg an Faró Khafre é thart ar 2,500 R.Ch., tréimhse an cheathrú rítheaghlach. Tá sé dá bhrí sin ar an ndealbh ollmhór is sine ar domhan.

Síltear gur aghaidh an Faró Khafre féin atá ar an Sfioncs. B’ionchollú an faró é féin ar an dia Ra agus bhí sé ina chosantóir ar an reilig in aice láimhe. Tá an dealbh suite díreach os comhair Pirimid Khafre agus a aghaidh soir i dtreo éirí na gréine.

Pictiúr : An Sfioncs c. 2,500 R. Ch. agus Pirimid Khafre, Giza, an Éigipt.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint