about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Shee, Martin Archer

click to view fullsize

Martin Archer Shee (1769–1850)

Péintéir agus scríbhneoir a rugadh i mBaile Átha Cliath ach a tógadh ag daoine muinteartha leis i mBrí Cualann. Fuair sé scolaíocht mhaith agus de chionn is gur léirigh sé cumas sa líníocht cuireadh ar Acadamh Líníochta an Royal Dublin Society é. Bhí Francis Robert West (c. 1749-1809) mar oide aige ansin.

Thosaigh sé amach sa saol dó féin mar phéintéir portráidí tar éis an scoil a fhágáil. Pastail is mó a chleacht sé ach ní raibh sé ag fáil an t-aitheantas a bhí ag dul dó dar leis. Tháinig cor nua ina shaol nuair a bhuail sé leis an bpéintéir Meiriceánach Gilbert Stuart (1755-1828) sa bhliain 1788. Bhí seisean i mBaile Átha Cliath tar éis dó seal fada a chaitheamh ag staidéar agus ag obair in Albain agus i Sasana. Chomhairligh seisean do Martin bailiú leis go Londain agus thug litreacha aitheantais do James Barry (1741-1806) agus Joshua Reynolds (1723-92), uachtarán an acadaimh dó.

D’imigh Martin go Londain ach ní raibh an chathair mar a tuairisc. Níor raibh aon rud aige de bharr na litreacha aitheantais. B’éigean do Martin post a fháil ag déanamh obair ealaíne d’fhoilsitheoir.

Cuireadh a shaol ar a mhalairt de tháirim nuair a tháinig a chol ceathrar Sir George Shee ar ais go Londain ón India. Fuair seisean coinne dó arís le Joshua Reynolds a chomhairligh dó clárú i scoileanna an acadaimh. Ní raibh fonn air é seo a dhéanamh mar b’ionann seo agus tosú ar a thraenáil arís ach rinne sé é sa bhliain 1790 d’ainneoin sin. Oladhatha is mó a chleacht sé feasta.

Thosaigh sé ag déanamh go maith dó féin de réir a chéile agus bhí saothair uaidh i dtaispeántais na mblianta 1791 agus 1792. Bhí aghaidh an phobail air tar éis dornán de bhlianta mar phéintéir céimiúil sóisalta. Rinne sé portráidí Dhónail Uí Chonaill, William Archer Shee, agus drámadóir Thomas Morton marshampla. Rinneadh fo-bhall den acadamh é sa bhliain 1798 agus ball iomlán sa bhliain 1800.

Bhain sé aitheantas amach dó féin i Sasana mar scríbhneoir chomh maith. Tháinig Rhymes on Art, or the Remonstrance of a Painter (Londain 1809); Elements of Life, (Londain 1809); Commemoration of Sir Joshua Reynolds &c., and Other Poems (Londain 1814); Alasco, tragóid i bhéarsaíocht (Londain 1824); agus na húrscéalta Old Court (1819) agus Harry Calverley (1835) óna pheann.

Ceapadh é sa bhliain 1830 ina uachtarán ar an acadamh mar chomharba ar Sir Thomas Lawrence agus tugadh ridireacht dó sa bhliain chéanna. Rinne sé iarracht éirí as an uachtarántacht nuair a chlis a shláinte air ach vótáladh spárán de thrí chéad punt dó agus chuathas i gcionn air fanacht sa phost. Fuair sé bás in Brighton Shasana.

An Pictiúr: Portráid de Sir William Roscoe, mionshonra (1815)

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint