about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Sheppard, Oliver

click to view fullsize



Oliver Sheppard, (1864-1941)

Dealbhóir Nua-Chlasaiceach a shamhlaítear le leacht cuimhneacháin thírghrácha ag deireadh an naoú céad déag agus tús an fhichiú chéid.

Rugadh Oliver Sheppard i Lios na gCearrbhach i gContae Thír Eoghain i dteaghlach Protastúnach ach d’imigh a theaghlach chun cónaí i mBaile Atha Cliath nuair a bhí sé an-óg.

Dealbhóir a bhí ina athair agus d’fhreastail Oliver ar ranganna an Metropolitan School of Art idir na blianta 1884 agus 1888. Le linn an tréimhse sin fostaíodh é mar theagascóir i Scoil Líníocht ón mBeo an Royal Hibernian Academy Life Drawing School don bhliain acadúil 1885-6.

Ghnóthaigh sé scoláireacht sa bhliain 1889 chun freastail ar an South Kensington School of Art i Londain. Rinne sé staidéar ar an múnlóireacht ina sheal ansin faoi Edouard Lanteri (1848-1917), dealbhóir de bhunadh na Fraince a thosaigh ag teagasc sa scoil sa bhliain 1890, bliain dheireannach Sheppard ann.

Thaistil sé ansin chuig Páras agus rinne tuilleadh staidéir san Académie Julian agus san Académie Colarossi. D’fhill Oliver ar Shasana agus fuair post múinteoireachta san Leicester School of Art don bhliain acadúil 1892-3. Fuair sé post eile san Nottingham School of Art sa bhliain 1894 agus d’fhan ann go dtí an bhliain 1902. Nuair a d’éirigh John Hughes as a phost mar theagascóir múnlóireachta san Metropolitan School of Art i mBaile Átha Cliath tairiscíodh an post seo dó ar mholadh William Butler Yeats agus bhí sé sa phost ón mbliain 1903 go dtí an bhliain 1937. D’imigh sé isteach i gCumann Gaelach an choláiste ansin.

Ghlac Sheppard páirt i saol na n-ealaíon in Éirinn le linn dó bheith ag obair i Sasana. Bhí saothair uaidh i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy ón mbliain 1891 ar aghaidh. Thaispeáin sé Oisín agus Niamh sa bhliain 1895 agus Lia Fáil sa bhliain 1897. Rinneadh fo-bhall den acadamh é sa bhliain 1899 agus toghadh ina bhall é sa bhliain 1901. Ceapadh é sa bhliain 1902 mar Ollamh le Dealbhóireacht i scoileanna an Royal Hibernian Academy nuair a d’éirigh John Hughes as.

Lena chlú ag ardú an t-am ar fad iarradh air roinnt coimisiúin a dhéanamh do chomóradh céid Éirí Amach 1798. Rinne sé an dá dhealbh cré-umha Cropaí le píce agus Fir na bPící do Loch Garman a nochtadh sa bhliain 1905 agus an dealbh den Athair Ó Murchú agus duine den éirí amach do Inis Chórthaidh a nochtadh sa bhliain 1908.

Iarradh air a lán bustaí portráide a dhéanamh agus is é an ceann a rinne sé de James Clarence Mangan i bhFaiche Stiabhna sa bhliain 1906 an ceann is táscmhaire díobh uile. Rinne sé bustaí de Pádraig Mac Piarais, Caoimhín ó hUiginn, William Redmond, Cathal Brugha chomh maith. Bhí aithne aithne ar a lán de na daoine seo, bhí sé ina chara ag Pádraig Mac Piarais mar shampla.

Rinne Sheppard na saothair seo óna stiúideo i Sráid Peimbróic le cabhair ó Albert Power (1883-1945). Iardhalta dá chuid ón scoil ealaíne a bhí ann a bhain clú amach dó féin mar dhealbhóir ina dhiaidh sin. Saothar dá chuid is ea an dealbh Turnamh Chú Chulainn atá in Ardoifig an Phoist i mBaile Átha Cliath is mó a shamhlaítear saothar Oliver anois. Rinne sé an dealbh i riocht teiligin plástair sna blianta 1911 agus 1912 agus thaispeáin é i dtaispeántas Royal Hibernian Academy na bliana 1914. Cheannaigh an Rialtas faoi Éamonn de Valera an dealbh ar son chómóradh fiche bliain 1916 agus theilg i gcré-umha é. Nochtadh in Ardoifig an Phoist é sa bhliain 1935. Rinneadh cóip méadaithe den dealbh agus thaispeáin an Rialtas é mar chuid de New York World Fair na bliana 1939.

An Pictiúr: Bás Chúchulainn, cré-umha, Oliver Sheppard

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint