about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Sibille

click to view fullsize

Banshagairt nó cailíní i seanchas na Gréige agus na Róimhe a dhéanadh fáistíní. Samhlaíodh iad a bheith faoi thinfeadh meisciúil Apalló de ghnáth. Truailliú ar ainm an bhandé Cybele atá i sa téarma nó ainm Sibille.

Dhéanadh Sibillí cónaí in áiteanna iargúlta agus in uaimheanna de ghnáth nós a samhlaíodh leis an mbandia Cybele chomh maith. Tá a lán éiginnteachta faoina sonraí ag baint leo áfach. Deirtear go raibh deichniúir nó dáréag díobh ann ag an deireadh. Herophile ó Erythraea is mó luaitear i dtraidisiúin na Gréige.

Bhí Deiphobe, Sibille Cumae ar an gceann ba mhó cáil díobh uile i miotaselaíocht na Róimhe agus i saothar Virgil is í a threoraíonn an laoch Aeinéas go Háidéas na scáth. Instear go ndúirt Apalló go dtabharfadh sé rud ar bith di a d’iarrfadh sí air. D’iarr sí air an oiread blianta agus a bheadh de ghráinní gainimh ina mám. Tugadh seo di ach ar an drochuair níor iarr sí an óige lena cois. D’éirigh sí chomh feoite sin gur cuireadh ar fionraí í bun os cionn i mbuidéal.

Is iad Sibille Cimmeria, Sibille Deilfe nach ionann í agus an Pythia ar chor ar bith, Sibille Phrygia, Sibille Sami, Sibille Tiburti, Sibille na Traí, Sibille Phrygia agus Sibille na Baibeálóine agus na Peirse an t-ochtar eile.

Grianghraf: Uaimh na Sibille gar do chathair Napoli na hIodáile


Catagóir: Miotaseolaíocht Chlasaiceach

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint