about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Siombalachas Uaighe

click to view fullsize

Bíonn an-ráchairt go deo ar shamhailchomarthaí ar leachtanna nó séadchomharthaí uaighe i dteannta inscríbhinní greanta de ghnáth. Seo gearrliosta thíos de chinn choitianta.

Aingeal - Teachtaire Dé, treoraíonn aingil na mairbh chun Neimhe agus is cosantóirí ar an olc spioradálta iad.

Aingeal le trumpa – Aiséirí.

Ancaire - samhailchomhartha Críostaí ar chros fholaithe é. Ba é an chéad samhailchomhartha Críostaí é an t-ancaire agus tá samplaí ar eolas sa Róimh ó dheireadh an aonú chéad A.D. Seasann sé ar son ceangail leis an mhuir chomh maith.

Bíobla - Briathar Dé.

Blaosc - Vanitas-samhailchomhartha, an bás.

Bláth stróicthe nó brúite - An tréimhse ar an Saol seo thart.

Bláthfhleasc - An bua i gcoitinne nó bua Chríost.

Cláirseach – Moladh Dé.

Colún – Buanchuimhne.

Colún briste – An Mheath, bás cheann an teaghlaigh, nó saol a ciorraíodh go hobann.

Coróin - Neamhbhásmhaireacht.

Crann – Beatha.

Croí - Grá nó misneach.

Croí Ró-naofa Chríost - croí le lasracha agus coróin dheilgneach a sheasann do grá agus d'fhulaingtí Críost.

Croí Ró-naofa Mhuire - Croí le claíomh ag dul tríthi.

Cros - An Creideamh Críostaí, bás agus aiséirí Críost.

Dair - Críost.

Dea-aoire - Samhailchomhartha Luath-Chríostaí ar Chríost.

Dealbh duine ag caoi - Cumha, ón bhfichiú céad.

Dhá lámh fáiscthe – Buanchairdeas nó an pósadh.

Eidhneán – Cairdeas.

I.H.S. Íosa Críost.

Lámh ag sméideadh suas - dóchas Neimhe.

Leon – Misneach.

Lile - Glaineacht agus Muire.

Nóinín - Neamhchiontacht.

Obilisc - Cuimhne, ón naoú céad déag.

Orláiste - Vanitas-samhailchomhartha, neamhbhuaine na beatha.

Pailm - An bua nó Bua Chríost.

Poipín - An codladh.

Próca nó próca agus fallaing – Cumha.

Rós - Muire.

Saighead - So-mharfacht.

Soitheach nó próca le lasracha - Buaine agus neamhbhásmhaireacht an spioraid.

Súil - Uileláithreacht Dé.

Súil i dtriantán - An Tríonóid.

Tóirse - Beatha agus fírinne, ciallaíonn sé an bás nuair a bhíonn sé iompaithe bun os cionn.

Torthaí – Lanmhaireacht.

Uan - Críost, Uan Dé.

Léaráid : An leacht ar uaigh Oscar Wilde i bPáras. Reilg Le Pere Lachaise i bPáras. Dealbhaithe ag Jacob Epstein (1880-1959)

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint