about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Sleator, James Sinton

click to view fullsize



James Sinton Sleator (1885-1950)

Péintéir portráidí agus neamhbheonna, bláthphictiúir go mór mór.

Rugadh James Sinton Sleator i gCo. Ard Mhacha gar do Phort an Dúnáin. Múinteoir bunscoile a bhí ina athair. D'aistrigh an teaghlach go Béal Feirste nuair a rinneadh príomhoide den athair. Bhí Slator ina shloinne ar an teaghlach ach d'athraigh James é seo.

Oileadh James san ealaín sa Belfast School of Art. Ball den Belfast Art Society a bhí ann sa tréimhse seo. Chruthaigh sé go maith ina staidéir agus ghnóthaigh scoláireacht chun freastal ar an Dublin Metropolitan School of Art sa bhliain 1914. Dalta de chuid William Orpen (1878-1931) a bhí ann ansin agus chruthaigh sé go maith arís ag buachan duaiseanna éagsúla ar son a neamhbheonna. Bhí James i dteannta Seán Keating (1889-1977), Leo Whelan (1892-1956), Margaret Clarke nee Crilley (1888-1961) agus Patrick Tuohy (1884-1930) ar dhuine de dhaltaí “speisialta” William Orpen.

D'imigh James ar aghaidh ansin agus rinne tuilleadh staidéir i stiúideo Orpen i Londain agus sa Slade School of Art. Bhí Winston Churchill mar dhalta aige sa tréimhse ar son ceachtanna sa phéintéireacht. Thaistil sé chuig Páras ansin agus bhí ar ais i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1915.

Ceapadh ina oide péintéireachta sa Metropolitan School of Art é agus thaispeáin sé leis Royal Hibernian Academy den chéad uair sa bhliain sin, nós a lean sé don bhliain 1949. Sa bhliain 1917 toghadh é ina fho-bhall agus ina bhall den Royal Hibernian Academy araon. Bhí baint ag James leis an Society of Dublin Painters, cumann a bunaíodh sa bhliain 1920.

D'fhág sé Éire áfach sa bhliain 1922 agus thaistil don Iodáil. Chaith sé tamall fada ansin ag péinteáil go dtí gur imigh sé chuig Londain sa bhliain 1927. Bhí sé gníomhach sna healaíona ansin agus thaispeáin sé a shaothar leis an Royal Academy sa bhliain 1936 agus an Royal Society of Portrait Painters. Ball den Chelsea Arts Club a bhí ann chomh maith. Sa bhliain 1935 rinneadh ball oinigh den Ulster Art Academy de.

D'fhill sé ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1941 le linn an chogaidh tar éis gur scriosadh a theach thall. Toghadh é in uachtarán ar an Royal Hibernian Academy agus bhí sé san oifig sin ón mbliain 1945 go dtí an bhliain 1950. Bhí Dermod O’Brien (1865-1945) ina uachtarán air roimhe. Bhí James ar choiste an Irish Exhibition of Living Art chomh maith agus gníomhach ina lán imeachtaí ealaíne eile.

Fuair sé bás go tobann i bhfoirgneamh an Acadaimh i mBaile Átha Cliath.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint