about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Smith, Stephen Catterson

click to view fullsize



Stephen Catterson Smith (1806-1872)

Portráidí bisiúil rathúil ina linn féin i mBaile Átha Cliath agus uachtarán ar an Royal Hibernian Academy.

Rugadh i Siorramacht Eabhrach i Sasana é agus péintéir cóistí a bhí ina athair. Oileadh sna healaíona é i Londain ar scoileanna an Royal Academy Schools, áit ar bhain sé duais ar son na péintéireachta oladhatha. Chuir sé bailchríoch ar a chuid oideachais nuair a rinne sé staidéar i bPáras.

Chuaigh sé i mbun gnó mar phortráidí ina dhiaidh sin i Londain agus rinne sé speisialtacht de chailc agus de pheann luaidhe mar mheán dá shaothar. Thaispeáin sé a shaothar leis na hinstitiúidí móra ar nós an Royal Academy agus British Institution. Bhronn uaisle Shasana agus an Teaghlach Ríoga fiú a lán coimisiúin air agus mar chuid díobh seo. Tá an phortráid a rinne sé den Bhanphrionsa Victoria sa bhailiúchán ríoga i Windsor Castle.

Bhí air taistil chuig Doire Cholm Cille sa bhliain 1839. Bhí sé tamall fada ag obair sa chathair agus thapaigh sé an deis sa bhliain 1841 chun portráidí agus corrphictiúir seánra a thaispeáint leis an Royal Hibernian Academy, nós a lean sé an chuid eile dá shaoil. Chuir sé faoi i mBaile Átha Cliath ar ball.

Ceapadh é mar phéintéir portráidí don Ard-Leifteanant agus phéinteáil portráidí seachtar Ard-Leifteanant thar tréimhse tríocha bliain. Maireann an chuid is mó acu fós i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus tá ceann eile sa Ghailearaí Náisiúnta. Bhí ráchairt air agus phéinteáil sé portráid Dhaniel O'Connell i meas maithe agus móruaisle na tíre ag an am. Ba mhó an ráchairt ar shaothar ansin ná áit ar bith eile agus chuir sé faoi i dteach ar Fhaiche Stiabhna.

Toghadh mar bhall den Royal Hibernian Academy sa bhliain 1844 agus mar uachtarán air sa bhliain 1859 go dtí an bhliain 1866 agus arís ón mbliain 1868 go dtí an bhliain 1869. Ceapadh ina stiúrthóir ar an nGailearaí Náisiúnta é sa bhliain 1868 agus tá roinnt dá phictiúr sa bhailiúchán. Bhí a mhac Stephen Catterson Smith Sóisearach (1849-1912) ina phéintéir portráidí agus tírdhreacha.

Fuair Stephen Catterson Smith Sinsearach bás i mBaile Átha Cliath.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint