about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Smyth, Edward

click to view fullsize



Edward Smyth, (1749-1812)

Dealbhóir cloiche a phléigh le h-oirnéaladh foirgnimh agus a d’fhág níos mó ná céad chloigeann snoite os cionn doirsí agus fuinneoga maille le h-armais, dealbha peidiméid agus díona agus roinnt dealbha portráide saorsheasaimh. Shnoigh sé a dhealbha i stíl an Bharóic ag am nuair a bhí an Nuachlasaiceas i réim.

Snoíodóir cloiche a bhí in athair Edward agus rugadh ar an Uaimh é i gCo. na Mí. Cuireadh ina phrintíseach é chuig an dealbhóir Simon Vierpyl chun ceird a athar a fhoghlaim. Bhí gnó Vierpyl lonnaithe ar Bachelor’s Walk i mBaile Átha Cliath. Chuaigh sé ag obair don chonraitheoir tógála Henry Darley nuair a bhí sé cáilithe.

Bhuaigh Edward comórtas sa bhliain 1771 chun dealbh phortráide a dhéanamh de Charles Lucas do Mhalartán Ríoga (Halla na Cathrach anois). D’fhostaigh an t-ailtire James Gandon é chun dealbha a dhéanamh mar oirnéaladh ar Theach an Chustaim i mBaile Átha Cliath. Shnoigh sé sé cloigne fáithchiallacha déag d’aibhneacha na hÉireann do na heochairchloiche agus Tráchtáil dealbh don chupóil agus roinnt dealbha díona dó. Baineadh feidhm as samhla de na h-aibhneacha ar nótaí bainc na hÉireann. Lean sé ar aghaidh chun tuilleadh oirnéalaidh a snoigh do Gandon ar na Ceithre Chúirteanna, Óstaí an Rí agus Teach na dTiarnaí.

D’fhostaigh an t-ailtire Francis Johnston (1760-1829) é chun oirnéaladh a shnoigh ar an Séipéal Ríoga i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Shnoigh Edward agus a mhac John céad chloigeann do thaobh amuigh an tséipéil sin. Rinne sé níos mó ná oirnéaladh ailtiriúl, bíonn meas ar na bustaí portráide a rinne sé. Cé gur shaothraigh sé i gcloch an t-am ar fad chomh fada agus is eol maireann dealbh adhmaid amháin uaidh agus b’shin an Chrois Chéasta (1792) atá anois in Eaglais Naomh Mhuire ar an Uaimh, a bhaile dhúchais.

Chomh maith leis sin shnoigh Edward ar choimisiún ó Johnston na dealbha peidiméide de Mhearcair, Hibernia agus de Fidelia d’Ardoifig an Phoist. Ceapadh Edward sa bhliain 1811 ina mháistir ar Scoil Múnlóireachta an Dublin Society a bhí nuabhunaithe ag an am. Fuair sé bás ina theach i mBaile Átha Cliath an bhliain dar gcionn.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint