about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Stannus, Anthony Carey

click to view fullsize



Anthony Carey Stannus (1830-1919)

Péintéir tírdhreacha, radharcanna mara, radharcanna seánra agus portráidí in uiscedhath agus comhfhreagraí/maisitheoir don Illustrated London News.

Rugadh Anthony Carey Stannus i gCarraig Fhearghuis i gContae Aontroma. Cuireadh scolaíocht air san Royal Belfast Academical Institution agus d'imigh sé ar aghaidh ina dhiaidh chun staidéar a dhéanamh ar an ealaín sa bhliain 1850 san Government School of Design i mBéal Feirste. Nuair a bhí a chúrsa istigh sa bhliain 1854 d'imigh sé anonn go dtí an Training School for Masters i Londain. Chaith sé tréimhse ag teagasc ina dhiaidh sin sa Dowlais School gar do Merthyr Tydfil sa Bhreatain Bheag.

D'fhill sé ar an bhfód dúchais ar feadh tamaill agus phéinteáil tírdhreacha agus muirdhreacha de Thuaisceart Aontroma. Thaispeáin sé pictiúir leis an Royal Hibernian Academy den chéad uair sa bhliain 1860 agus cúpla uair eile idir sin agus deireadh an chéid. D'fhill sé ar Londain timpeall na bliana 1862.

Chaith sé an tréimhse idir na blianta 1864 agus 1868 i Meicsiceo agus é ina ealaíontóir in arm Maximiliano. Bhí Maximiliano ina Impire ar Mheicsiceo idir na blianta 1864 agus 1867. Nuair a gabhadh agus a maraíodh an tImpire chuaigh Anthony ag obair don Illustrated London News. Rinne sé a lán tírdhreacha agus cathairdhreacha chomh maith a thaispeáin sé i Londain ina dhiaidh sin. D'fhill sé ó Mheicsiceo agus chuir sé faoi i Londain agus dhírigh ar phéinteáil pictiúr agus reáchtáil taispeántas i Londain.

Bhí sé ar ais i mBéal Feirste sa bhliain 1882 agus ghlac sé ballraíocht sa chumann; an Belfast Ramblers' Sketching Club. Thairg sé a thacaíocht agus saoirse a stiúideo go fial don chumann. Le ballraíocht ag méadú agus rath ar dhíolacháin d'éirigh John Vinycomb (1833-1928) as a uachtaránacht an chumainn sa bhliain 1885 agus ghéill í d'Anthony. Méadaíodh ar líon imeachtaí an chumainn de réir a chéile le Anthony i gceannas air. D'éirigh Anthony as uachtaránacht an chumainn agus toghadh John Vinycomb arís sa bhliain 1890 agus rinneadh an Belfast Art Society féin den Belfast Ramblers' Sketching Club. Rinneadh ball oinigh den chumann nua de Anthony Stannus.

Thaispeáin sé leis an Royal Academy i Londain agus in áiteanna eile. Níor fhan sé abhus áfach ach d'fhill ar Londain ag tús an chéid úir. Fuair Anthony bás i Londain. Is i Músaem Uladh agus in Oifig Chaladh Bhéal Feirste is mó atá eiseamláirí dá shaothar in Éirinn le fáil ach tá eiseamláirí eile de san Victoria and Albert Museum i Londain.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint