about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Subjective Art, Exhibition of

click to view fullsize



Exhibition of Subjective Art

Taispeántas a d’eagair baill an White Stag Group agus Margot Moffat in Eanáir 1944 i mBaile Átha Cliath. Bhí teagmháil díreach ag ealaíontóirí Éireannacha leis an Mhór-Roinn roimh an Dara Cogadh Domhanda ach níorbh fhéidir iad a choimeád suas de dheasca an chogaidh. Tugadh cuireadh d’ealaíontóirí saothair a chur faoi bhráid Kenneth Hall agus Basil Rakoczi. Ghlac trí ealaíontóirí déag páirt sa taispeántas ar deireadh le 56 saothair éagsula i stíleanna éagsúla ó leath-theibíochas go Osréalachas.

Ba Sasanaigh iad bunaitheoirí an White Stag Group agus thug siad cuireadh don chriticeoir Herbert Read teacht as Sasana agus léacht a thabhairt. Níorbh fhéidir leis bheith i láthair agus sheol sé a léacht Art and Crisis anall agus léadh seo. Foilsíodh a alt On Subjective Art san iris The Bell an mhí dar gcionn. Tuairimítear go raibh imeachtaí Unit One, buíon Sasanach os comhair súile na n-eagraitheoirí agus go raibh siad ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh in Éirinn.

Bhí Kenneth Hall (1913-46) agus Basil Rakoczi (1908-79) in éineacht le Brian Boydell (1917-2000), Thurloe Connolly (1918- ), Ralph Cusack (1912-65), May Guinness (1863-1955), Louis Le Brocquy (1916- ), Paul Egestorff (1906-95), Stephen Gilbert (1910- ), Phyllis Hayward (1903-1985), Patrick Scott (1921-) agus Doreen Vanston (1903-88) i measc na n-ealaíontóirí a ghlac páirt sa Taispeántas.

D’éirigh go measartha maith leis an taispeántas.

Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint