about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Sumi-e

click to view fullsize



Sumi-e Suiboku-ga

Dúchphéintéireacht; Ciallaíonn sumi, dúch dhubh sa tSeapáinis agus ciallaíonn suiboku uisce-dhúch. Tagraíonn na téarmaí do shaorstíl nó teicníocht mhonacrómach phéintéireachta ón tSín agus ón tSeapáin a bhaineann feidhm as dúch amhail uiscedhath a bhíonn curtha i gcrích ar shíoda, ar ríspháipéar nó ar pháipéar.

Cuirtear éifeacht an datha in iúl trí na toin éagsúla dúigh agus trí leachtdathanna. Bhí bunús na teicníochta sa tSín le linn réimeas an rítheaghlaigh Súng (960-1274 A.D.) agus tá sé díorthaithe ó challagrafaíocht na Síne. Tógadh isteach sa tSeapáin í sa Tréimhse Muromachi (1392–1573) in éineacht leis an mBúdachas Zen, na mainistreacha Zen i Kamakura agus Kyoto is mó a bhí tógtha leis.

Thug cinnirí míleata na tíre a dtacaíocht don Bhúdachas Zen agus rinneadh talamh slán de gur ghléas chun an teagasc Zen a mhúineadh a bhí sa suiboku-ga nó dúchphéintéireacht. Lean manaigh Zen ar aghaidh ag cleachtadh portráidí polacrómatacha ag an am céanna.

Fealsúnacht ealaíne a bhí i sumi-e chomh maith a bhí ag iarraidh dearcadh an ealaíontóra a léiriú agus tugadh taitneamh di de bharr a déine agus a meandarachas is cosúil. Cuireadh béim ar leith ar spás folamh agus ceapacháin neamhshiméadracha i bpictiúir.

Sagairt agus manaigh ar nós Mincho (1352-1431), Josetsu, Tensho Shubun agus Sesshu Toyo (1420-1506) na h-eiseamláirí is fearr den seánra agus bíonn meas as cuimse i gcónaí ar a dtírdhreacha. Áirítear an Amanohashidate (1501) tírdhreach le Sesshu mar shaothar cinniúnach i mbuanú an seánra. Féachadh ar phictiúr sumi-e mar dhán haicú ann féin chomh maith.

An Pictiúr: Amanohashidate (1501) le Sesshu. Amanohashidate; An droichead san aer is brí leis seo. Is oitir ghainimh í atá 3.6 ciliméadar ar fhaid ar Chuan Miyazu Bay, i gceantar Kyoto. Má thugar cúl leis an radharc agus má fhéachtar air bun os cionn idir na cosa bíonn an cuma air go bhfuil sé ar foluain san aer.

Catagóir: Ealaíona na Seapáine

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint