about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Swanzy, Mary

click to view fullsize



Mary Swanzy, (1882-1978)

Tá cáil ar leith ar Mary Swanzy mar an chéad phéintéir riamh in Éirinn chun fealsúnacht an Chiúbachais sa phéintéireacht a ghlacadh chuici féin. Níor ghlacadh iomlán a bhí i gceist nó níor thug sí cúl glan leis an Nádúrachas áfach ach chleacht an dá cheann acu nuair a d’oir siad di. Bhí sí chun tosaigh dá bhrí sin sa Nuascoil in Éirinn ar Evie Hone (1894-1955) agus Mainie Jellett (1897-1944) fiú. Ní bhfuair sí an t-aitheantas in Éirinn a bhí dlite di dar leis na léirmheastóirí go dtí le déanaí, toisc is dócha gur chaith sí an chuid deireannach dá saoil fada, taobh amuigh de chorrthréimhsí ón mbliain 1926 ar aghaidh thar lear.

Rugadh i mBaile Átha Cliath í agus an máinlia súl Sir Henry Rosborough Swanzy ab athair di. Ní raibh an tsláinte go maith aici ach bhain sí aois mhór amach d’ainneoin sin. Nuair nach raibh sí ach go luath sna déaga fuair sí ceachtanna ealaíne ó May Manning (1853?-1930) a bhí ina theagascóir clúiteach a d’oil a lán péintéirí ina stiúideo féin. In aois a cúig bhliana déag di sa bhliain cuireadh chun na mór-roinne í chun bailchríoch a chur ar a cuid oideachais. D’fhreastail sí ar scoileanna i Versailles na Fraince agus Freiburg na Gearmáine, rud a d’fhág í le líofacht sa Fhraincis agus sa Ghearmáinis.

Fuair sí roinnt ceachtanna péintéireachta nuair a d’fhill sí abhaile ó Jack Butler Yeats (1871-1957) agus ó Clare Marsh (1874-1923). Fuair sí roinnt ceachtanna sa mhúnlóireacht ón ndealbhóir John Hughes (1865-1941) nuair a d’fhreastail sí an Metropolitan School of Art i mBaile Átha Cliath.

Chruthaigh Mary Swanzy go maith sa phéintéireacht agus bhí a hathair go mór taobh thiar di. Chuir sé brú uirthi portráidí a dhéanamh, an t-aon bhealach amháin chun airgead a shaothrú as an ealaín i mBaile Átha Cliath ag an am. Fuarthas Sarah Purser (1848-1943) chun comhairle a chur uirthi agus snadhmadh cairdeas eatarthu. Bhí portráid aici i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy na bliana 1905 agus gach bhliain ina dhiaidh sin go dtí an bhliain 1915. Ghlac sí páirt i dtaispeántais an Royal Hibernian Academy an chuid eile dá saoil uile beagnach.

Ar chomhairle May Manning sa bhliain 1904 d’fhreastail Mary ar an stiúideo do mhná amháin a bhí ag an Académie Delacluse i bPáras. Bhí sí ar ais i bPáras sa bhliain 1905 chun staidéar a dhéanamh faoin bportráidí faiseanta Antonio De La Gandara (1871-1917) agus san Académie de la Grande Chaumiére agus san Académie Colarossi.

Is cosúil go raibh Mary ag dul bealach na portráidíochta go dtí gur chuir sí aithne i bPáras ar Gertrude Stein. Chonaic sí le linn cuairteanna uirthi eiseamláirí de na saothair is nuálaí a bhí ina bailiúchán. D’imigh na saothair seo de chuid ealaíontóirí ar nós Pablo Picasso (1881-1973), Georges Braque (1882-1963), Paul Cézanne (1839-1906), Henri Matisse (1869-1954), Paul Gauguin (1848-1903), Andre Derain (1880-1954), agus Marie Laurencin (1885-1945) i bhfeidhm uirthi agus spreag i dtreo úr í. D’ainneoin sin bhí uirthi a bheatha a chur i dtír trí mhaisiúcháin a dhéanamh nuair a d’fhill sí ar Bhaile Átha Cliath. Fuair a máthair bás sa bhliain 1910 agus a hathair bás sa bhliain 1913. D’fhág an saibhreas a bhfuair sí le huacht uathu nach raibh sí ag brath ar a h-ioncam ón ealaín chun a bheatha a chur i dtír agus go raibh sí saor chun taistil ar a toil.

Bhí a céad taipeántas aonair aici i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1913 agus bhí ceann eile aici sa bhliain 1919. Thaistil sí don Iodáil sa bhliain 1914 agus sheol pictiúir chuig taispeántas na bliana 1914 de chuid an Salon des Indépendants i bPáras. Tá anáil an Ciúbachais Orfaigh agus Todhchaíochas na hIodáile le sonrú go soiléir ar a saothair teibí ón am seo.

Bhí sí measartha éicleicteach ar feadh i bhfad dar leis na criticeoirí agus bhí sí mall ag teacht ar a stíl féin. Bhí sí san Iodáil fós nuair a bhris an Cogadh Mór amach sa bhliain chéanna agus d’fhill sí ar Éirinn.

Bhí saothair uaithi sa i dtaispeántas an International Society of Sculptors, Painters, and Gravers i Londain sa bhliain 1916. Ghlac sí páirt i dtaispeántas na bliana 1918 de chuid an Salon des Indépendants arís nuair a bhí an cogadh thart. agus ceapadh í mar bhall de choiste an tSalóin sa bhliain 1920. Bhí saothair aici i dtaispeántas na bliana sin chomh maith.

Bhí Mary páirteach i mbunú an Society of Dublin Painters a bhí á mholadh ag Paul Henry (1876-1959) agus a bhean Grace Henry-Mitchel (1868-1953) nuair a tháinig siad go Baile Átha Cliath sa bhliain 1920 tar éis seacht mbliana a chaitheamh ag péinteáil in Oileán Acla. Bhí taispeántais ag Mary Swanzy sna blianta 1920, 1921 agus 1922 leis an gcumann nua.

D’fhág sí Éire sa bhliain 1920 agus ghlac páirt in obair faoisimh san Iúgasláiv agus sa tSeiceslóváic. Rinne sí pictiúir ansin, tírdhreacha sa chuid is mó agus thaispeáin iad ina taispeántas leis an Society of Dublin Painters sa bhliain 1921. Lean sí uirthi ag péinteáil agus ag taisteal ag caitheamh sealanna i Hawaii, Samoa, California agus Nua Eabhrach. Tá anáil Gauguin le sonrú ar a saothar sa tréimhse seo. Bhí tiaspeántas aici i bPáras sa bhliain 1925.

Chuir sí fúithi i Blackheath i nDeisceart Londain sa bhliain 1926 agus d’fhan ansin an chuid eile dá saoil beagnach. Rinneadh dochar dá teach sna haer-ruathair ar Londain sa bhliain 1942 agus chuir sí fúithi i mBaile Átha Cliath lena deirfiúr go dtí deireadh an chogaidh. Bhí taispeántas aici i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1943. Ar ais i Londain ghlac sí páirt i dtaispeántas sa bhliain 1946 de shaothair roinnt ealaíontóir de chuid Scoil Phárais agus bhí taispeántas dá cuid féin aici sa bhliain 1947. Fuair sí bás thall i Blackheath Londain. Reáchtaileadh taispeántas de sé phictiúr agus seasca sa bhliain 1968 sa municipal Gallery of Modern Art i mBaile Átha Cliath chun a saol a chomóradh agus chun í a chur in aithne arís don phobal ealaíne abhus nó bhí sí beagnach dearmadta ag an am. Fuair sí bás thall i Blackheath Londain. Reáchtáileadh taispeántas iarbháis thall di sa bhliain 1986.

An Pictiúr: An Scoil, Contae Chorcaí, uiscedhath, Mary Swanzy

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint