about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Thaddeus, Henry Jones

click to view fullsize



Henry Jones Thaddeus, (1860-1929)

Portráidí faiseanta, péintéir plein-air agus péintéir seánra i stíl an Réalachais a bhain feidhm as oladhath agus uiscedhath.

Rugadh Henry Thaddeus Jones mar a tugadh air sular thosaigh sé ag plé leis an bportráidíocht i gCorcaigh. Is cosúil gur léirigh sé luí leis an ealaín nuair a bhí sé an-óg nó glacadh leis mar dhalta i Scoil Ealaíne Chorcaí sa bhliain 1870. Bhí James Brenan (1837–1907) an péintéir seánra agus ceannasaí na scoile mar theagascóir aige ansin.

D’aistrigh Henry chuig Baile átha Cliath, rinne staidéar ann agus bhuaigh Henry scoláireacht Taylor an Royal Dublin Society sa bhliain 1878. D’imigh sé chuig Londain leis seo chun tuilleadh staidéir a dhéanamh i Heatherly's Academy. Bhuaigh sé an sparán an bhliain dar gcionn, an bhliain 1879 agus d’fhan san acadamh sin. D’imigh sé chuig Páras ina dhiaidh sin tar éis dó sparán eile a bhuachtaint.

Chaith sé tamall ag breathnú ar na saothair sna gailearaithe agus sna músaeim sula ndeachaidh sé ag staidéar san Académie Julian. Bhí Gustave Boulanger (1824-88) agus Charles Lefebvre mar theagascóirí aige ansin. Níor bhris sé a cheangail le hÉirinn, chuireadh sé pictiúir chuig taispeántais an Royal Hibernian Academy agus an Royal Dublin Society. Toghadh ina fho-bhall den Royal Hibernian Academy e sa bhliain 1892 agus ina lánbhall sa bhliain 1901.

D’fhan sé i bPáras ar feadh bunús dhá bhliain agus chuir sé a phictiúr Le Retour du Breconnier, An Póitseálaí Leonta (Gailearaí Náisiúnta) i dTaispeántas an tSalóin Oifigiúil sa bhliain 1881. Thuill seo meas na gcriticeoirí agus thuill aghaidh an phobail.

D’imigh sé i lár na bliana 1881 chuig Pont-Aven i dtosach agus ar aghaidh chuig Concarneau na Briotáine chun péinteáil plein-air a dhéanamh mar chuid den choilíneacht ealaíne ansin. Meastar go bhfuil na pictiúir plein-air d’iascairí na Briotáine a rinne sé ansin ar na cinn is fearr a rinne sé riamh agus aithníodh mar mháistir ar an bpéintéireacht plein-air é. D’fhill sé ar Pháras ar ball sa bhliain 1882 agus ansin d’imigh ar aghaidh chuig Flórains na hIodáile sa bhliain 1883.

Is mar phortráidí is mó a chuir sé a bheatha i dtír feasta agus is mó a bhain sé mórcháil amach dó féin lena bheo. Chleacht sé pictiúir de gach saghas, pictiúir le téamaí Oirthearacha agus Bíobalta ina measc, cé nach raibh sé ag brath orthu. Fuair sé a lán coimisiúin do phortráidí ó na huaisle agus ó na maithe móra.

Bhí sé ar ais i gCorcaigh chomh maith sa bhliain 1883 agus ghlac páirt i dtaispeántais. Bhuail sé leis an bpéintéir William Gerard Barry (1864-1941) ar a chuairt dá chathair dhúchais agus thug comhairle dó triall ar Pháras, rud a rinne sé. Thug sé go leor cuairteanna gairide ar Éirinn le linn a shaoil agus choinnigh sé i dteagmháil leis an Scoil Ealaíne i gCorcaigh.

Tugadh coimisiún dó agus é sa Róimh sa bhliain 1885 portráid den Phápa Leo XIII a phéinteáil agus coimisiún eile dó sa bhliain 1903 portráid den Phápa Pius X a phéinteáil. R

inne sé cónaí i Sasana ón mbliain 1887 agus ansin sa Bhreatain Bheag tar éis a phósta sa bhliain 1893. Meastar gurb é an pictiúr Díshealbhú Éireannach, Co. na Gaillmhe (1889) atá i mbailiúchán príobháideach a shárshaothar. Léiríonn an pictiúr radharc intí agus na póilíní ag briseadh isteach tríd an doras chun teaghlach bocht atá ag iarraidh a teach a chosaint a dhíshealbhú, radharc ó Chogadh na Talún a bhí ann.

Rinne Henry a lán taistil agus chaith sé tréimhsí fada san Ailgéir, san Astráil agus san Éigipt, sa Ghearmáin agus toghadh ina bhall den Royal Geographical Society é dá bharr. D'aistrigh sé lena theaghlach go California sa bhliain 1907 agus chuir sé faoi ar deireadh in Carmel a bhí ina choilíneacht ealaíne. Scríobh sé a chuimhní cinn Recollections of a Court Painter ansin sa bhliain 1912. D'aistrigh sé arís timpeall na bliana 1917 agus chuir faoi ar Inis nIocht i Sasana. Ní raibh a shláinte go maith aige agus ní dhearna sé an oiread sin péintéireachta. Fuair sé bás thall ansin.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint