about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Thomson, Hugh

click to view fullsize



Hugh Thomson, (1860-1920)

Maisitheoir bisiúil cáiliúil. Rugadh Hugh Thomson i gCúl Raithin i gCo. Dhoire. Chuaigh sé ag obair ina phrintíseach maisitheora don chomhlacht foilsitheoireachta Marcus Ward and Co. i mBéal Feirste. Bhí óg fós nuair a thosaigh sé ag obair don chomhlacht sa bhliain 1876. Ghlac sé le roinnt ranganna sa scoil ealaíne i mBéal Feirste ach taobh amuigh de sin bhí sé féinoilte maille leis an teagasc a fuair sé sa chomhlacht.

Bhí Hugh ar dhuine den seisear maisitheoirí déag de chuid na comhlachta sin a chuir an cumann an Belfast Ramblers Club ar bun sa bhliain 1879. Mhair an cumann go dtí an bhliain 1890. Ceapadh John Vinycomb (1833-1928), a mhol an fiontar a bhunú an chéad lá, ina uachtarán ar an gcumann. Thugadh na baill turais sceitseála faoin tuath mar chaitheamh aimsire agus chun cur lena gcumas sna míndána i gcoitinne.

Phós Hugh nuair a bhí a phrintíseacht istigh agus d'imigh anonn go Londain sa bhliain 1884 agus chuaigh ag obair don chomhlacht Macmillan & Co.. Chaith sé an chuid eile dá shaol i Sasana ach thug sé a lán cuairteanna ar ais ar an bhfód dúchais. Bhí ráchairt air thall i Sasana mar mhaisitheoir agus bhain sé cáil amach dó féin mar mhaisitheoir iontach bisiúil ar litríocht chlasaiceach an Bhéarla ón mbliain 1900 ar aghaidh go mór mór.

Mhaisigh sé saothar William Shakespeare, Jane Austen, Charles Dickens, W.M.Thackeray, George Eliot, Oliver Goldsmith, J.M.Barrie, Nathaniel Hawthorne agus Elizabeth Gaskell. Taispeánadh eiseamláirí dá shaothar in ionaid éagsúla i Sasana agus thall sa Róimh fiú sa bhliain 1911.

Ní raibh sé ar fónamh ar feadh tamall fada agus fuair sé bás thall i Londain. Tráthúil go leor tá bailiúchán breá dá shaothar i seilbh Chomhairle Cúl Raithin.

An Pictiúr: The Story of Rosina, le Austin Dobson, maisithe le Hugh Thomson (1895)

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint