about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Tiahuanacu

click to view fullsize

Sibhialtacht agus ealaíona Tiahuanacu nó Tiwanaku

Cathair agus láthair Réamhcholambasach atá i Tiahuanacu nó Tiwanaku agus dá bhrí sin tugtar Tiahuanacu nó Tiwanaku ar an gcultúr seandálaíochta i bPeiriú agus i mBolivia a chruthaigh í. Tá an suíomh agus príomhláthair an chultúir i mBolivia i Sléibhte na nAindéis i nDeisceart Mheiriceá gar do Loch Titicaca.

Tá fianaise ann go raibh daoine ann c.1000 R.Ch. ar an láthair ach is cosúil gur cuireadh Cathair Tiahuanacu féin ar bun c. 200 R.Ch. Tháinig forbairt mhór uirthi ionas go raibh sí mar lárionad do sibhialtacht thábhachtach idir 200 A.D. agus 600 A.D. agus go dtí go raibh daonra thart ar 50,000 lonnaithe ann.

Tá a lán saineolaithe den tuairim gur daoine den chine Aymara atá fós sa cheantar a bhunaigh an chathair agus an tsibhialtacht.

Tá a lán de na foirgnimh neamhchríochnaithe de réir dealraimh ar chúis éigin. Cleachtadh samhla an-stílithe i gcloch. Tá cuid de na colúin nó liagáin snoite mar fhíortha agus airde 6 m iontu. Bhí lucht a ndéanta ag iarraidh de réir dealraimh éifeacht monaliotach a bhaint amach san ailtireacht agus is Geata na Gréine Chathair Tiahuanacu, an séadchomhartha is táscmhaire dá gcuid is fearr a léiríonn seo. Tá an geata gearrtha as aon chloch amháin agus té sé 3.7 m ar airde le rílifeanna ísle ar an gcuid is airde de.

Tá fíor ar a dtugtar Dia an Gheata snoite i rilíf i lár an gheata féin. Is samhail é seo a raibh ráchairt air sa chultúr ar fad agus fuair sé scaipeadh forleathan le lámh láidir san chultúr Huari-Tiahuanacu a rinne a gcuid féin de chultúr agus de sibhialtacht Tiahuanacu. Fíor de dhia atá ann ag iompar dhá shlat, ceann i ngach lámh aige le gathanna ag teacht amach as a cheann. Críochnaíonn na gathanna le ciorcail nó le cloigne púma agus bíonn sé timpeallaithe le fíortha eile ar a nglúine.

Bhain lucht tógála Tiahuanacu feidhm as clocha a bhfuil meáchan de os cionn 100 tonna iontu agus nach raibh ar fáil ar an láthair, éacht dochreidte do chultúr neoiliteach. Chuir siad na clocha seo ar dhroim a chéile le cruinneas a sháraíonn sár-iarrachtaí na n-Inceach féin. Maireann teiscstílí agus criadóireacht phéinteáilte den scoth ón láthair chomh maith. Tá cuid de móitífeanna ar nós cloigne snoite i mballaí a chuireann cultúr Chavín i gcuimhne. Níl ach a deich faoin gcéad den suíomh tochailte fós ach tá a fhios gurbh iad a thóg roinnt de na bóithre sa cheantar agus ní sibhialtacht na n-Inceach a tháinig ina ndiaidh mar a tuairimíodh tráth.

Pictiúr : Pictiúr : Geata na Gréine Chathair Tiahuanacu.

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint