about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Tresham, Henry

click to view fullsize



Henry Tresham, (c. 1751-1814)

Péintéir a bhain cáil amach dó féin i Sasana go mór mór as a phictiúir míleata i bhformáidí móra, pictiúir nach bhfuil ar mathain anois. Faightear coúlachtaí de ghnáth idir a shaothar agus saothar Henry Fuseli (1741-1825) de ghnáth.

Is cosúil gur rugadh i mBaile Átha Cliath é agus gur oileadh i scoileanna an Dublin Society é ag tosú sa bhliain 1765 áit ar bhain sé duais sa bhliain 1773 as líníocht i gcailc. D'aistrigh sé go Londain sa bhliain 1775. Chuir sé aithne in Londain ar John Campbell fear óg uasal saibhir a bhí chun dul don Iodáil ar an Grand-Tour. Thaistil Tresham leis ar an turas sa bhliain 1775 agus d'fhan san Iodáil go dtí an bhliain 1769.

Chuir Henry aithne ar na healaiontóirí thall agus d'éirigh mór leo Antonio Canovia go mór mór. Cé gur fheidhmigh Henry san Iodáil mar ghníomhaire ag ceannach saothair ealaine agus seandachtaí thar cheann daoine uaisle i Sasana is lena shaothar féin mar phéintéir is mó a bhí sé gafa. Fuair sé pátrúnacht Frederick Augustus Hervey, 4ú Iarla Briostó (1730-1803) agus Easpag Dhoire agus rinne radharcanna as an stair Chlasaiceach dó.

Ní raibh a shaothar teoranta don phéintéireacht amháin. D'fhoilsigh sé Le avventure di Saffo leabhar de sé uiscimireacha déag sa bhliain 1884,

D'aistrigh Henry go Londain sa bhliain 1789. Toghadh ina fho-bhall den Royal Academy é sa bhliain 1791 agus ina bhall sa bhliain 1799. Phéinteáil sé mír altóra do Choláiste Mhá Nuat sa bhliain 1803. Ceapadh ina Ollamh le Péintéireacht é sa Royal Academy don tréimhse idir na blianta 1807 go dtí 1809.

Lean sé de cheannach agus de dhíol saothair ealaine agus seandachtaí i Sasana bhí páirt lárnach aige I roinne scéimeanna a bhain le péinteáil radharcann ón stair. Bhí sé ag obair ar threoirleabhar don British Gallery nuair a fuair sé bás. Chríochnaigh William Young Ottley an obair seo. Sampla maith dá shaothar is ea an pictiúr Móid Iarla Warwick roimh Chath Towton atá san Manchester City Art Gallery.

Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint